Peidiméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas a chaitheann duine chun an oiread céimeanna a thógann sé a chomhaireamh. De ghnáth bíonn sé bunaithe ar luascadán saor a fheidhmíonn raicín a bhogann roth fiaclach ar aghaidh, fiacail in aghaidh na céime, agus an roth ceangailte le háiritheoir diaile. Is féidir an scála a ghrádú le tomhas ar fhad chéim an úsáideora.