Pedro Luis Boitel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

File agus easaontach Cúbach ab ea Pedro Luis Boitel (1931 - 1972), a throid i gcoinne rialtas Fhulgencio Batista agus Fhidel Castro araon..[1] Sa bhliain 1961, ghearr an réimeas cumannach pianbhreith deich mbliana i bpríosún air. Fuair Boitel bás le linn stailce ocrais sa bhliain 1972 nuair a bhí sé i ngéibhinn . [1]

Clár ábhair

Roimh an réabhlóid [athraigh]

Rugadh Pedro Luis Boitel i gnáth-theaghlach [1] agus rinne sé staidéar san Ollscoil Havana (Spáinnis: Universidad de La Habana) agus ag am céanna d'obair sé freisin mar theicneoir raidió.[1] Sna 1950í chuir Boitel i gcoinne rialtais Fulgencio Batista agus chuaigh sé ar deoraíocht go dtí Veiniséala, áit a chabhraigh sé le Rómulo Betancourt ina chuid iarrachtaí chun rialtas míleata Mharcos Pérez Jiménez a treascair, trí raidió bradach a bhunú sa tír sin. [1]

Tar éis na Réabhlóide Cúbaigh, d'fhill Boitel ar Cúba agus d'atosaigh sé a chuid staidéar san Ollscoil Havana. [1] Sa bhliain 1959, ba iarrthóir é sa toghadh le haghaidh uachtaránachta Chumann na Mac Léinn ( Spáinnis: Federación Estudiantil Universitaria; FEU) le tacaíocht ón eagraíochta Movimiento 26, de Julio aige. [1] Cé go raibh Fidel Castro i gceannas na gluaiseachta seo, bhain Castro agus na ceannairí réabhlóideacha eile a gcuid tacaíochta ó Bhoitel. Rinne Castro idirghabháil phearsanta san toghcháin ar an Ollscoil chun Boitel a bhaint de uachtaránacht an FEU. [1]

Tagairtí [athraigh]

Naisc sheachtracha [athraigh]


Féach freisin [athraigh]