Peantán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

C5H12, hidreacarbón alcáin le 5 adamh carbóin. Tá 3 isiméir struchtúrtha, n-peantán (CH3CH2CH2CH2CH3, le fiuchphointe 36 °C), isipeantán (CH3CH2CH(CH3)CH3, le fiuchphointe 28 °C), agus neoipeantán (CH3C(CH3)2CH3, le fiuchphointe 10 °C).