Peadar de Lása

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peadar de Lása

Ba cheannaire Arm Impriúlach na Rúise é an tÉireannach Peadar de Lása (Peter Lacy as Béarla, Pyotr Petrovich LacyПётр Петрович Ласси as Rúisis, Peter von Lacy as Gearmáinis, Petro Petroviç Lassi as Tuircis, Piotr Lacy as Polainnis) (1678-1751) a bhuaigh an-chuid cathanna stairiúla san 18ú aois.

Óige in Éirinn[athraigh | edit source]

Rugadh i gCill Íde in iarthar Chontae Luimnigh do chlann Normannach a chuir futhu san áit sa 12ú aois. Uaisle Caitliceach ab ea a mhuíntir agus throideadar ar son airm an Rí Shéamuis II le linn an Chogaidh Liamach agus cé ná raibh sé ach 13 bhliain d’aois ag an am, throid An Lásach mar leifnean i bhfórsaí na hÉireann faoi cheannais Phádraig Sairséil le linn Léigear Luimnigh.

San Fhrainc agus san Ostair[athraigh | edit source]

Tar éis Chonradh Luimnigh sa bhliain 1691, theith sé lena athair agus a dheartháir go dti an Fhrainc i dteannta leis na Géanna Fiáin. Nuair a chailleadh a ghaolta ag trod le Briogáid na hÉireann ar son Rí Lua XIV na Fraince san Iodáil, d’aistrigh sé go Arm na hOstaire. Chaith sé dhá bhliain ann sular lean sé a cheannfort Charles Eugène de Croy isteach in arm nua na Rúise a bhí á eagrú ag an am ag an Impirie Peadar Mór.

Faoi Pheadar Mór[athraigh | edit source]

Bhí sé i gceannas ar aonad mhuscadóiri i gcath tubaisteach Narva agus gortaíodh go dona é le linn Cogadh Mór an Tuaiscirt i gcoinne na Sualannaigh. Mar sin féin, ardaíodh go rang an choirnéil é sa bhliain 1706 agus, sa bhliain dár gcionn, d’aithnigh ceannaireacht impriúlacht an airm a éachtanna le linn Cath Pholtava.

Ba An Lásach an chéad saighdiúir Rúiseach a tháinig iseach I Riga i ndiaidh an léigir agus, ina dhiaidh sin, ghabh sé seilbh ar dhún straitéiseach na Súlainnigh in Umeå sa bhliain 1719. Sa bhliain 1723, ceapadh mar cheannaire fórsaí na Rúise insna críocha Baltacha agus ba Ghobhairneoir Riga é trí bhliain ina dhiaidh sin.

Faoi Bhan-Impire Áine[athraigh | edit source]

Tháinig sé ar ais san arm i gcomhair Cogadh Leanúnacht na Polainne agus b’é An Lásach a dhíbir Stanisław Leszczyński ó Bhársá go Gdańsk. I ndiaidh Léigear Gdańsk sa bhliain 1734, mháirseál sé siar lena thrúpaí go dti an Réan i dteannta le arm Eoghan Savoia.

Shroich sé barr a réim mar cheannaire mhíleata linn an chogaidh i gcoinne na dTurcach. Ghabh sé Azov sa bhliain 1736 agus an Chrím tar éis dhá chath sa bhliain sin agus ceann eile i 1738.

D’fhill sé ar Ghobhairneoracht Riga ina dhaiadh sin ach, ós rud é ná raibh suim riamh aige sa pholataíocht, chaill sé a phost agus a thioncar i ndiaidh bháis Áine.

Faoi Bhan-Impire Éilís[athraigh | edit source]

Glaodh arís ar an Lásach nuair a thosnaigh cogadh eile i gcoinne na Sualannaigh agus ceapadh mar ceannfort an Airm Impriúlachta é. Chuir an arm le chéile go rí-thapaidh agus, tar éis na Sualannaigh a ghlanadh amach as an bhFionlainn go léir de bharr cathanna Vilmanstrand, Frederikshamn, Porvoo agus Hämeenlinna agus léigear Helsinki, ghéilleadar dó sa bhliain 1742.

D’fhill An Lásach arís ar Riga, áir ar éag sé ar an 19ú Aibreán 1751. Ba cheann de cheannairí is cáiliúla in Arm na hOstaire sa dara leath den 18ú aois mac An Lásaigh Prionnsias de Lása (Franz Moritz von Lacy as Gearmáinis). Cliamhain dó ab ea Seoirse de Brún, Luimníoch eile a d'fhreastal mar cheannaire eile Arim Impriúla na Rúise, a phós a iníon Éibhlín.