Peadar Ó hUallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeadar Ó hUallaigh
Beathaisnéis
Breith1950
73/74 bliana d'aois
Cluain Meala, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is file agus ceoltóir Éireannach é Peadar Ó hUallaigh. As Cluain Meala ó dhúchas dó ach tá sé ina chónaí i gCorca Dhuibhne le nach mór tríocha bliain.

Rugadh Ó hUallaigh sa bhliain 1950 i gCluain Meala i gContae Thiobraid Árann. Chaith sé na seascaidí ina dhéagóir i mBaile Átha Cliath.[1]

Ceoltóir traidisiúnta atá ann agus chaith sé na blianta fada ag seinnt leis an mbanna ceoil Wild Geese.

Ghnóthaigh a chéad chnuasach, Tír Tairngre, duais ag Féile Filíochta Dhún Laoghaire mar rogha na gcéadchnuasach in Éirinn (pé ar bith teanga) i 2009, agus bronnadh duais Rupert agus Eithne Strong air.

Ba í Nuala Ní Dhomhnaill a sheol an tarna cnuasach filíochta uaidh, Soilse an Chroí, i mBaile an Fheirtéaraigh i mí na Samhna 2011 mar pháirt den 5ú Féile Bheag Filíochta. Seoladh a leabhar filíochta is déanaí, Tráth na Tairsí, i 2018.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Peadar Ó hUallaigh" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2021-01-03.
  2. "Cnuasach nua le Peadar Ó hUallaigh curtha thar an tairseach ar an mBuailtín" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-03.