Peadairín na stoirme

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Peadairín a fhaightear ar fud an Domhain amuigh ar an bhfarraige ach amháin nuair a bhíonn sé ag pórú. Itheann sé planctón a sciobann ó dhromchla na farraige. Déanann sé nead i bpoill sa talamh. Siúlann cuid acu ar an uisce is iad ag eitilt, tagann cuid eile anuas de ruathar don dromchla. Déanann cuid mhaith díobh imirce fhada.