Peaca marfach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

De réir an chreidimh Chaitlicigh, is éard is peaca marfach ná peaca a cháineann d´anam go hifreann gan an peaca sin a fhaoistiú (nó go bhfuil sé ag teastáil sa chás nach bhfuil sé le fáil).

Tá dhá shaghas peacaí ann, sa Chaitliceachas, peaca marfach agus peaca solathach.

Chun a bheith mar pheaca marfach caithfidh an t-ábhar a bheith tromchúiseach;

  • Caithfidh lán eolas a bheith agat, faoin pheaca agus faoi thromchúiseacht an pheaca.
  • Caithfidh an peaca a bheith déanta le lán chead.

Tá Peaca sainithe ag Naomh Agaistín (Contra Faustum, XXII, xxvii) mar seo a leanas: rud a deirtear, rud a rinne tú, nó a theastaíonn uait a dhéanamh atá i gcoinne an tsíordhlí.

Deireann Naomh Thomás Aquinas, sa Decretum Gratiani; gur leis na himthosca thuas níl an peaca faoistithe tar éis bás a fháil agus dá bharr sin téann an peacach go hIfreann.

Dé réir an Chaitliceachais, ní féidir leis an bpeacach Comaoineach a fháil go dtí go bhfuil an peaca faoistithe, tá cásanna áirithe ann, mar shampla, le articulo mortis, a chiallaíonn "ar tí bás a fháil, agus leis sin téann an peacach go purgadóirina áit.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]