Paula Kehoe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaula Kehoe
Beathaisnéis
Breith1964
59/60 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdéantóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: paulamkehoe Cuir in eagar ar Wikidata

Scannánaí, amhránaí agus Gaeilgeoir ón Astráil is ea Paula Kehoe (1964 - ). Tá obair déanta aici in Éirinn agus san Astráil i gcúrsaí ceoil, raidió agus teilifíse agus i mbun cláir faisnéise.

Rugadh Paula Kehoe in Melbourne na hAstráile do Ellen Daly agus do Eugene Kelly, fear as Bealach an Chonglais i gContae Chill Mhantáin. Bhí dúil ag a máthair sa cheol agus bhíodh Paula féin ag obair mar amhránaí rac-cheoil. Bhain sí Éire amach sa bhliain 1994.[1] Chaith sí roinnt blianta ar Oileáin Árann ag obair agus ag foghlaim amhránaíocht ar an sean-nós agus rinne sí cúrsa Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Ar fhilleadh ar an Astráil di chuaigh sí i mbun ceoil arís agus d’oibrigh go páirtaimseartha i nGaeilge mar chraoltóir raidió ag stáisiún pobail.[2][3][4]

In Éirinn atá sí ina cónaí anois. Tá cláir theilifíse agus sraitheanna déanta aici do RTE, do TG4, do BBC Alba agus do Current TV sna Stáit Aontaithe. Sa bhliain 2012 rinne sí féin agus an file Louis de Paor clár faisnéise do TG4 dar theideal “An Dubh ina Gheal” faoin gcaidreamh idir Éireannaigh agus Bundúchasaigh san Astráil. Tá sé ráite aici gurb éard is gaire dá croí scannánaíocht faisnéise faoi ghnóthaí sóisialta.[5]

Liosta scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

I am Galway 2020 (2016)

Deargdhúil: Anatomy of Passion, Poems of Máire Mhac an tSaoi (2015)

An Dubh ina Gheal (Assimilation) (2013)

Garraí Glas (sraith theilifíse) (2012)

Radharc na Rúise (sraith theilifíse) (2012)

A Burning Question (2010)

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "IFI Ireland on Sunday Interview: Paula Kehoe, director/producer of ‘An Dubh ina Gheal’ (‘Assimilation’)". Film Ireland (11/9/2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-09-15. Dáta rochtana: 2014-01-07.
  2. Noone, Val (2012). "Hidden Ireland in Australia": Lgh 161-162. Ballarat Heritage Services. 
  3. "Paula Kehoe, ‘Ag Filleadh ar an Fhód Dúchais,’". Beo, Eagrán 23, Márta 2003.
  4. "Paula Kehoe, ‘Guth na nGael curtha ina thost,’". Beo Eagrán 29, Nollaig 2003.
  5. "SDGI: Paula Kehoe". Screen Directors Guild of Ireland.