Paul Ryan
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is polaiteoir Meiriceánach é Paul D. Ryan, Jr. (a rugadh ar 29 Eanáir 1970). Is ball de Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe é ón mbliain 1999 anuas don Chéad Toghcheantar i Wisconsin. Ball den Pháirtí Poblachtach atá ann. Roghnagh Mitt Romney, iarrthóir an pháirtí chéanna ar uachtaránacht SAM, Ryan mar an t-iarrthóir Poblachtach ar an leasuachtaránacht sa toghchán náisiúnta i mí na Samhna, 2012.
Rugadh Paul Ryan in Janesville, Wisconsin. Is Caitliceach é Ryan, agus é de shliocht Éireannach agus Gearmánach. Tá sé pósta le Janna Little, aturnae cánach, agus tá trí pháiste acu.
Naisc sheachtracha[athraigh]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |