Paul O'Connell
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is imreoir rugbaí gairmiúil é Paul O'Connell (Pól Ó Conaill) (20 Deireadh Fómhair 1979 -). Imríonn sé le cúige Mumhan, le foireann na hÉireann agus le foireann The British and Irish Lions. Rugadh é i Luimneach, agus tá Corn na hEorpa buaite aige le Mumhan sna blianta 2006 agus 2008. D'imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta sa bhliain 2002. D'imir sé i gCorn Rugbaí an Domhain sna blianta 2003 agus 2007, bhuaigh se an Choróin Thriarach sna blianta 2004, 2006, 2007, 2009 agus an Chathréim Mhór nó Grand Slam sa bhliain 2009. Sa bhliain 2005 d'imir sé leis na British and Irish Lions in aghaidh na Nua-Shéalainne, agus bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann sa bhliain 2009 i gcoinne na hAfraice Theas.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.