Paul Gascoigne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Paul Gascoigne
Gascoigne, Paul.jpg
Eolas pearsanta
Dáta breithe 27 Bealtaine, 1967
Áit breithe Dunston, Gateshead, Sasana
Leasainm Gazza
Foirne mar imreoir
1985–1988
1988–1992
1992–1995
1995–1998
1998–2000
2000–2002
2002
2003
2004
1988–1998
Newcastle United
Tottenham Hotspur
Lazio
Rangers
Middlesbrough
Everton
Burnley
Gansa Tianma
Boston United
Sasana
Foirne mar bhainisteoir
2005 Kettering Town

Deirtear go raibh Paul Gasgoigne, nó Gazza mar a thugtar air, (a rugadh ar an 27 Bealtaine, 1967 in oirthuaisceart Shasana) ar dhuine de na himreoirí sacair ab fhearr dá ghlúin. Imreoir lár páirce an-tréitheach a bhí ann, a chuir tús lena ghairm leis a chumann áitiúil Newcastle United sa bhliain 1985, sular chaith sé tréimhsí le clubanna móra eile ar nós Tottenham, Lazio, Rangers, Middlesbrough agus Everton. D’imir sé le foireann idirnáisiúnta Shasana chomh maith idir na blianta 1988 agus 1998, agus cuimhnítear an sárthaispeántas a chuir sé isteach sa Chorn Domhanda na bliana 1990 go háirithe. Ina chluiche deireanach sa chomórtas, rinne sé feall ar imreoir eile agus bronnadh cárta buí eile air, rud a chuirfeadh é amach as an chéad chluiche eile. Thosaigh Gascoigne ag gol go hoscailte amuigh ar an bpáirc imeartha, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana sa bhaile. Tar éis a chuid éachtaí sa Chorn, bhí cáil domhanda bainte amach aige, agus stádas mar dhuine de laochra nua-aimseartha an chluiche.

Tharraing Gascoigne an-chuid chonspóid ag an am céanna, ar an bpáirc imeartha ar dtús agus ansin taobh amuigh den chluiche. Bhí fadhbanna tromchúiseacha aige le leis an ól agus le drugaí, agus fadhbanna intinne a thiocfadh chun solais ní ba dhéanaí. Chuir na deacrachtaí ina shaol pearsanta go mór isteach ar a ghairmréim imreora, agus srian leanúnach ar an méid a bhí sé ábalta a dhéanamh mar imreoir. Nuair a d’éirigh Gascoigne as an gcluiche mar imreoir, thóg sé post sealadach le Kettering Town sa bhliain 2005 mar bhainisteoir orthu. Agus é saor ón imirt, thosaigh a chuid fadhbanna ag dul in olcas go dtí gur cuireadh faoi ghlas san ospidéal é ar an 21 Feabhra 2008, tar éis eachtra in óstán abhaile i Newcastle. Chuaigh sé isteach i gclinic chun athshlánú a dhéanamh, agus tháinig sé réasúnta slán as ag deireadh na bliana 2008.


Soccerball.svg
Flag of England.svg Déileálann an síol seo le imreoirí sacair Shasana. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.