Paul Christian Lauterbur

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i Sydney, Ohio ab ea Paul Christian Lauterbur (1929-2007). Agus é ag déanamh taighde ar athshondas núicléach maighnéadach (NMR) chun ceimiceáin a anailísiú, thaispeáin sé conas íomhánna déthoiseacha tomagrafaíocha a chruthú leis. I 2003 roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine le Peter Mansfield as a thaighde i saothrú íomháú athshondais (núicléach) mhaighnéadaigh (MRI).