Brian O'Doherty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Patrick Ireland)
Infotaula de personaBrian O'Doherty
Beathaisnéis
Breith4 Bealtaine 1928
Bealach an Doirín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Samhain 2022
94 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDearcealaíona
Gairmpéintéir, léirmheastóir ealaíne, dealbhóir, scríbhneoir, amharc-ealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleitePatrick Ireland
Williams Magnin
Mary Josephson
Sigmund Bode
Chevalier d'Eon Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileBarbara Novak Cuir in eagar ar Wikidata

Patrick Ireland a bhí mar ainm cleite ag Brian O'Doherty; dealbhóir, péintéir, údar, stiúrthóir scannán, ealaíontóir suiteála agus ealaíontóir coincheapa Éireannach atá ann.

Rugadh i gContae Ros Comáin é sa bhliain 1935 agus bhí sé ina chónaí i Meiriceá. Bhain sé céim amach sa leigheas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 1952.

Thosaigh O'Doherty ag baint úsáide as an ainm Patrick Ireland lena chuid saothar a shíniú mar fhreagra ar mharuithe Dhomhnach na Fola i nDoire na bliana 1972.

Ainmníodh é don Duais Booker sa bhliain 2000 as a úrscéal The Deposition of Father McGreevy. Ar an 20 Bealtaine, 2008, chuir O'Doherty samhail den duine ar leis a ainm cleite i gcré na cille mar dhea sa Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann de bharr go raibh dul chun cinn déanta ó thaobh na síochána ó thuaidh, agus thosaigh sé ag baint úsáide as a ainm baiste athuair.

Nocht sé lúbra dá chuid, darbh ainm Teanga-Aisling an Phobail, amuigh faoin aer i mBéal Feirste sa bhliain 2011 áit ar thug sé aitheasc uaidh i nGaeilge.[1][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Irish Artist to "Bury" Alter Ego" (May 6, 2008). ARTINFO. Dáta rochtana: 2008-05-14. 
  2. Kimmelman, Michael (2005-05-22). "Patrick Ireland, 36, Dies; Created to Serve Peace". New York Times. Dáta rochtana: 2008-05-22. 
  • David Scott (1989), The modern art collection, Trinity College Dublin. Baile Átha Cliath: Cló Choláiste an Tríonóide, Baile Átha Cliath. ISBN 1-871408-01-6
  • Ciaran Benson (2011), 'The artist Brian O'Doherty )previously known as Patrick Ireland: No sad imperialist of the aesthetic self!", The Dublin Review of Books, 17, Earrach 2011, (http://www.drb.ie/index.aspx Curtha i gcartlann 2011-05-20 ar an Wayback Machine)