Patrick Francis Moran

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Patrick Francis Moran
Patrick Cardinal Moran.jpg
Dáta breithe 16 Meán Fómhair, 1830
  Leithghlinn an Droichid, Contae Cheatharlach, Éire
Dáta báis 16 Lúnasa, 1911
  Sydney, New South Wales, An Astráil
Gairm Pearsa eaglaise

Ba Chairdinéal é Patrick Francis Moran, Ardeaspag Sydney (1830-1911). Teangeolaí agus staraí a bhí in Moran.[1] Ba as Leithghlinn an Droichid dó ó dhúchas. Bhailigh sé láimhscríbhinní Gaeilge agus Laidine a bhain le stair na hÉireann agus chuir sé scríobhaithe, John O'Beirne Crowe ina measc, á gcóipeáil dó. Thug Moran na láimhscríbhínní seo leis nuair a tháinig sé go Sydney. Sa bhliain 1897, cuir i gcás, d'fhoillsigh sé leagan Béarla de dhán Gaeilge de chuid 'Patrick O'Prunty' (1738), bunaithe ar 'a copy of the original, with a literal translation, ...[given to me] many years ago by the Rev. C.P. Meehan, of St Michael and John's, Dublin'.[Australasian Catholic Record, vol.3, 1897,114-118] Sa bhliain 1909 agus an raic i dtaobh 'essential Irish' ar siúl, thug an Cairdinéal agallamh do The Catholic Press (Sydney, NSW). D'athfhoilsigh Conradh na Gaeilge an t-agallamh so i bpaimphléad dar teideal Cardinal Moran on Irish in the University : Important Pronouncement by His Eminence.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. 'He was an early advocate of compulsory Irish for university matriculants, and remained a strong supporter of the language revival.' ( Féach Cahill, A.E., 'Moran, Patrick Francis' in Australian Dictionary of Biography, imleabhar 10, lgh 577-581, nb. 578.)
Dealbh chuimhneacháin