Pádraig Mac an Choiligh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Pat Cox)
Infotaula de personaPádraig Mac an Choiligh

(2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Samhain 1952
71 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
21 Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
15 Eanáir 2002 – 20 Iúil 2004
← Nicole Fontaine (en) AistrighJosep Borrell →
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

20 Iúil 1999 – 20 Iúil 2004
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Mumhan

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

19 Iúil 1994 – 19 Iúil 1999
Téarma parlaiminte: Ceathrú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Mumhan

Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Iúil 1994
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: An Páirtí Daonlathach

25 Iúil 1989 – 18 Iúil 1994
Téarma parlaiminte: Tríú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Mumhan

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Luimnigh
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht agus iriseoireacht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAlliance of Liberals and Democrats for Europe Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
21 Eanáir 2004Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Polaiteoir Éireannach, Teachta Dála, craoltóir agus Iar-Uachtarán Parlaimint na hEorpa é Pádraig Mac an Choiligh (a rugadh ar 28 Samhain, 1952) (Pat Cox as Béarla). Ba bhall d’Fhianna Fáil, an Pháirtí Daonlathach agus an ELDR, grúpa na bhfeisirí Liobrálaigh i bParlaimint na hEorpa, é le linn a shaol pholaitiúil.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i mBaile Átha Cliath é ar an 28ú Samhain 1952 ach d’fhás sé suas i gCathair Luimnigh, áit a raibh cónaí ar a mhuintir. Tar éis freastal ollscoile i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath dó, ceapadh mar léachtóir san eacnamaíocht san Fhoras Náisiúnta um Ardoideachais (anois Ollscoil Luimnigh) é sa bhliain 1979.

Tháinig sé isteach i bhFianna Fáil chun tacaíocht a thabhairt do Dheasún Ó Máille, Teachta Dála Luimneach Thoir agus Aire Tionscal agus Tráchtála agus sheas sé mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúil Chomhairle Cathrach Luimnigh i 1979. Níor éirigh leis suíochán a bhuachaint i Bhárd 1 ar bhruach thuaidh na cathrach.

Ba mar straitéisí polaitiúil ar an stáisiún raidió neamhoifigiúil Big L i Luimneach a chéad phost mar chraoltóir agus ghnóthaigh sé ainm dó féin as a thuairiscí faoin dtrí Olltoghchán i mblianta 1981 agus 1982. Dá bharr sinn, ceapadh ina iriseoir ar dtús agus ina láithreoir níos déanaí ar phríomh-chlár polaitiúil an chraoltóra náisiúnta RTÉ, Today Tonight.

Polaiteoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dáil Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhág Mac an Choiligh RTÉ nuair a bhunaigh Ó Máille le cabhair ó Riobárd Ó Maolluaidh agus Máire Ní Áirne An Páirtí Daonlathach i ndiaidh dá chaitheamh amach as Fianna Fáil ag Cathal Ó hEochaidh. Ba Chox an chéad Ard-Stiúrthóir an pháirtí nua. Toghadh mar Feisire Parlaimint na hEorpa do cheantar Mumhan é sa bhliain 1989 agus bhuaigh sé suíocháin i nDáil Éireann i nDáilcheanntar Corcaigh Lár-Theas trí bhliain ina dhiaidh sin.

Nuair a d’éirigh Ó Máille as cinnireacht a pháirtí, sheas Cox i gcoinne Ní Áirne ach buadh air tar éis comhraic an-ghéar. Nuair a tháinig an chéad toghchán Eorpach eile sa bhliain 1994, ba mhian le Ó Máille go n-éireodh Cox as agus é féin a ainmniú mar an t-aon iarrthóir PD i dtogh-cheanntar na Mumhan.

San Eoraip[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é go raibh clú éigin á bhaint amach aige cheana féin i measc an ghrúpa Liobrálach i Strasbourg, dhiúltaigh Mac an Choiligh éirí as a shuíochán. D’fhág sé na Daonlathaigh, sheas sé mar iarrthóir neamhspleách agus bhuaigh sé ar a shean-chara Ó Máille. Díreach i ndiaidh a thoghcháin, d'éirigh sé as mar Theachta Dála Corcaigh Lár-Theas.

Ceapadh mar cheannaire na Liobrálach é sa bhliain 1998 agus nuair tháinig seans an Uachtaránacht na Parlaiminte chucu sa bhliain 2002, bronnadh an gradam ar Chox.

Bhí an-suim aige i leathnú an Aontais Eorpaigh tar éis titim an chumannachais in Oirthear na hEorpa. Chomh maith le sin, d’oibrigh sé go dian chun go bhfaigheadh an Pharlaimint tuilleadh thionchar ar chinniúintí Comhairle na nAirí.

Ba le linn Uachtaránacht Mhic an Choiligh ar chaith an Pharlaimint Coimisiún Jacques Santer as oifig ar an 15ú Márta 1999 nuair a dhiúltaigh duine den fhoireann, Édith Cresson na Fraince éirí as i ndiaidh coiste fiosrúcháin á cáineadh go géar.

Le leathnú an Aontais, chaill Éire dhá shuíochán sa thionól nua agus, ós rud é ná raibh ach trí cinn acu fágtha i dtogh-cheantar na Mhumhan in áit cúig chinn sa thoghchán roimhe sin, níor sheas sé arís sa bhliain 2004.

Is Uachtarán Gluaiseacht na hEorpa é i láthair na huaire.