Parvaivíreas conda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionfhabhtú (tadhaill) tromchúiseach víreasach madraí is cainidí eile, a tháinig chun cinn i gcuid mhaith tíortha sna 1970idí. Faigheann an madra ionfhabhtaithe buinneach dhian sheasmhach le fuil, agus is féidir go mbeidh urlacan is fiabhras ard air freisin. Is féidir go bhfaighidh coileán bás go luath ón díhiodráitiú is an turraing. I gcásanna eile déantar damáiste suntasach don chroí. Coinnítear an galar faoi smacht anois le vacsaíní éifeachtacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Parvaivíreas conda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 508.