Parvaivíreas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoParvaivíreas
Parvovirus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtShotokuvirae
FíleamCossaviricota
AicmeQuintoviricetes
OrdPiccovirales
FineParvoviridae
GéineasParvovirus Cuir in eagar ar Wikidata
3n7x - Penaeus stylirostris densovirus capsid homo60mer + 60 Ca (buí) + 120 Mg (l.gorm)

Grúpa beag víreas le DNA aonduail a ionfhabhtaíonn ainmhithe is daoine.

Bíonn parvaivíris in ainmhithe freagrach as neamhoird fola i gcait is madraí, agus tá parvaivíreas darb ainm B19 a bhíonn ciontach as galair i ndaoine.

Má tharlaíonn ionfhabhtú do leanbh, tugtar an 5ú galar ar an ngalar a tharlaíonn, le fiabhras, casacht, tinneas cinn is gríos ar na leicne (le marcanna sainiúla, ionas go mbíonn an chosúlacht ar an leanbh go bhfuair sé boiseoga ar na leicne).

Má tharlaíonn ionfhabhtú do bhean atá ag iompar clainne, is féidir go ndéanfar damáiste tromchúiseach don leanbh, fiú go bhfaighidh sé bás.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Parvaivíreas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 508.