Paraidím bunaithe ar oibiachtaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teanga RíomhchlárúcháinParaidím bunaithe ar oibiachtaí
Cineálsoftware development methodology (en) Aistrigh agus téarma ríomheolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta cruthaithe1992 Cuir in eagar ar Wikidata
bogearraí

Is éard atá i gcesit le Paraidím bunaithe ar oibiachtaí (Object Oriented Software Engineering) ná bealach chun clár casta bogearraí a dhearadh is a thógáil. Samhlaítear an obair nó an feidhmiúchán atá le déanamh ina fo-chodanna ar leith, agus scríobhtar fo-chlár, a dtugtar oibiacht air, do gach fochuid. Mar shampla, féadfaidh scáileánfuinneog a bheith ina oibiacht comhéadain, agus custaiméir nó ordú ceannacháin a bheith ina oibiacht gnó.

Nuair a bhíonn na hoibiachtaí go léir códaithe, cuirtear le chéile iad chun an clár iomlán a chumadh don fheidhmiúchán. Buntáiste atá leis an bparaidím seo is ea gur féidir na hoibiachtaí códaithe ar leith a stóráil mar a bheadh i leabharlann agus a úsáid chun an-chuid feidhmiúchán eile a chur i gcrích.

Tháinig teangacha bunaithe ar oibiachtaí chun cinn sna 1980idí-1990idí, bunachair shonraí bunaithe ar oibiachtaí sna 1990idí, ansin córais bainistíochta bunachar sonraí. Faoi seo, is é an bealach is mó a úsáidtear i gcórais feidhmiúcháin gnó.[1]

Tagairtí [cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Paraidím bunaithe ar oibiachtaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 506.