Parabóil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Parabeln-var-s

Cuar sa mhatamaitic a rianaíonn pointe a bhfuil a fhad ó phointe fosaithe ar leith (an fócas), cothrom lena fhad ó líne fhosaithe (an treolíne). Is ceann de na gearrthaí cónacha clasaiceacha í. Tá tréith bhunúsach aici go ndéanann a tadhlaí ag pointe ar bith an uillinn chéanna leis an line tríd an bhfócas agus leis an líne dhíreach tríd an bpointe céanna atá ingearach leis an treolíne. Mar sin, gach ga a thagann amach ón bhfócas is a fhrithchaitear ag an bparabóil fhrithchaiteach, bíonn sé ingearach leis an treolíne. Bíonn modhanna chun gathanna comhthreomhara solaistonnta raidió a chruthú bunaithe air seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Parabóil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 506.