Pamela O'Neill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPamela O'Neill
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sydney
Ollscoil Macquarie Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
GairmCeiltíoch Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Sydney (2012–)
University of New South Wales (en) Aistrigh, ollamh taca (2011–2018)
Ollscoil Sydney, honorary research associate (en) Aistrigh (2008–)
Ollscoil Melbourne, comhalta taighde (2004–2007)
Ollscoil Melbourne
Ollscoil na Teicneolaíochta, Sydney
Ollscoil Sydney Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Scoláire bisiúil Astrálach sa Léann Ceilteach is ea an Dochtúir Pamela O’Neill agus suim ar leith aici i stair agus i gcultúr na hÉireann sna meánaoiseanna luatha. Tá sí ina léachtóir i Scoil na nDaonnachtaí agus na dTeangacha in Ollscoil Sydney. Tá a lán buntaighde déanta aici agus mórán foilsithe aici.

Bhain sí amach Phd agus MA sa Léann Ceilteach in Ollscoil Sydney, in éineacht le Mjur, agus BA i Luath-Bhéarla agus i mBéarla Meánaoiseach in Ollscoil Macquarie. Tá sí ina ball dá lán cumann agus coistí sa bhaile agus thar lear. Orthu siúd tá Comunn Gàidhlig Astràilia, Comhairle Fhundúireacht Léinn Cheiltigh Ollscoil Sydney, Society of Antiquaries of Scotland, Australian and New Zealand Association for Medieval and Early Modern Studies, the Australian Early Medieval Association, Cumann Coirnise Victoria, Cumann Gaeilge na hAstráile, The International Association for the Study of Irish Literatures, The Irish Studies Association of Australia and New Zealand agus The Society for Medieval Archaeology.

Bhí sí ina eagarthóir ar an Australian Celtic Journal idir na blianta 1998 agus 2003. Is í Uachtarán an Australian Early Medieval Association í, cumann a bhunaigh sí agus a gcuireann sí a iris in eagar. Is í eagarthóir an Sydney Series in Celtic Studies í.

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann Pamela O’Neill taighde ar chúrsaí stíle, teicníce agus cuspóra sa luathchultúr meánaoiseach, go háirithe sna hInse. Baineann a cuid taighde leis an bhféiniúlacht mar a léirítear í i gcruthú agus in úsáid rudaí luathmheánaoiseacha, agus i sealbhú, i ndiúltú agus in athláithriú na rudaí úd ina dhiaidh sin. Is dóigh léi go dtugann déantúsáin léargas ar an tréimhse úd nach bhfuil le fáil i gcónaí i gcáipéisí scáinte athbhríocha.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair agus ailt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ahlqvist, A.; O'Neill, P. (eds.), 2013, Medieval Irish Law: Text and Context, 1, University of Sydney Celtic Studies Foundation, Sydney
  • O'Neill, P. (eag.), 2013, The Land beneath the Sea: Essays in Honour of Anders Ahlqvist's Contribution to Celtic Studies in Australia, 1, University of Sydney Celtic Studies Foundation, Sydney
  • Ahlqvist, A.; O'Neill, P. (eag.), 2013, Celts and their Cultures at Home and Abroad: A Festschrift for Malcolm Broun, 1, University of Sydney Celtic Studies Foundation, Sydney
  • O'Neill, P.E. 2013, 'The Meaning of Muirbolc: A Gaelic Toponymic Mystery', in Ahlqvist, A.; O'Neill, P. (ed.), Celts and their Cultures at Home and Abroad: A Festschrift for Malcolm Broun, edn. 1, University of Sydney Celtic Studies Foundation, Sydney, lgh 229 - 252
  • O'Neill, P.E. 2013, 'Material Culture and Social Development in Early Irish Law Texts', in Ahlqvist, A.; O'Neill, P. (eag.), Medieval Irish Law: Text and Context, eagrán 1, University of Sydney Celtic Studies Foundation, Sydney, lgh 143 - 159
  • O'Neill, P.E. 2013, 'Ollam na nÉces: Anders Ahlqvist and Celtic Studies in Australia', in The and beneath the Sea Essays in Honour of Anders Ahlqvist's Contribution to Celtic Studies in Australia, eagrán 1, University of Sydney Celtic Studies Foundation, Sydney, lgh 3 - 7
  • O'Neill, P.E. 2013, 'Old Testament borrowings in early Irish law', Australian Celtic Journal, vol. 11, lgh 55 - 64
  • O'Neill, P.E. 2013, 'Control of the Means of Production in Early Irish Law', Studia Celtica Fennica, vol. X, lgh 81 – 90

Páipéir[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'Material culture and social development in early Irish law,' Cultures in Translation: Ninth Biennial ANZAMEMS Conference, Ollscoil Monash, 12 - 16 Feabhra 2013
  • 'Othrus in early Irish law: unworkable legal fiction or practical social reality?', The Ends of Ireland: 20th Australasian Conference for Irish Studies, Ollscoil New South Wales, 4 - 7 Nollaig 2013
  • 'The Scribe and Medieval Irish Law - Observing the Scribe at Work: Knowledge Transfer and Scribal Professionalism in Pre-Typographic Societies,' Ollscoil Macquarie, 27 - 29 Samhain 2013
  • 'The meaning of muirbolc: a Gaelic toponymic mystery,' Eighth Australian Conference of Celtic Studies, Ollscoil Sydney, 11 - 14 Meitheamh 2013

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh Ollscoil Sydney: Pamela O’Neill

Zoominfo: Eolas ar Pamela O’Neill