Paitsiúilí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda tomach ilbhliantúil cumhra a fhásann 1 m in airde nó níos mó, dúchasach do na réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha in oirdheisceart na hÁise. An gas cearnach, na duilleoga ubhchruthach fiaclach i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna bán feadánach déliopach i bhfáinní. Táirgeann sé bláthola chumhra a úsáidtear i gcumhráin.