Paireacht Neamhurraithe Rátaí Úis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Deireann an Teoirim Phaireachta Neamhurraithe Rátaí Úis go bhfuil an aisíoc ar shócmhainn saor ó riosca an chéanna idir dhá thíortha.

Féach ar na dhá straitéisí infheistíochtaí thíos.

  1. Infheistíocht intíre de luach €A
  2. Infheistíocht eachtracha de luach €A. Nóta: caithfidh an infheisteoir an t-airgead a aistriú go dollair ag am t. Ag am t, tá luach € AS_t ar an infheistíocht. (Is é  S_t an ráta malairte díreach ó thaobh dhearcadh na hEorpa.)

Tar éis tréimhse amháin:

  1. Ag am  t+1 , beidh an infheistíocht intíre de luach € A(1+i_{t}) . (Is é  i_t an ráta úis intíre).
  2. Ag am  t+1 , beidh an infheistíocht eachtrach de luach € AS_t(1+i^{\star}_{t})\frac{1}{S^{e}_{t+1}} . (Is é  i^{\star}_{t} an ráta úis eachtracha. Bhí orainn an airgead a aistriú ar ais go Euro agus is é  S^{e}_{t+1} an ráta malairte ionchasach ag am  t+1 ).

Toimhdí[athraigh | edit source]

  • Glac go bhfuil na margaí caipitil saor ó frithchuimilt (gan cánach, costais bheartaíochta agus srianta ar ghluaiseachtaí caipitil).
  • Glac go bhfuil an infheisteoir neodrach roimh rioscaí (nó ina áit sin, fadcheann foirfe)
  • Glac go bhfuil an infheistíocht intíre agus eachtracha ionadaithe foirfe.

Díorthú[athraigh | edit source]

Caithfidh an aisíoc ó na dhá infheistíochtaí i gcothrom, nó beidh deiseanna arbatráiste an:

 A(1+i_{t}) = AS_t(1+i^{\star}_{t})\frac{1}{S^{e}_{t+1}}

Ag cealú agus athchóiriú:

 \frac{S^{e}_{t+1}}{S_t} = \frac{1+i_{t}}{1+i^{\star}_{t}}

Sin í paireacht neamhurraithe rátaí úis. Ag dealú a haon ó na dhá thaobhanna

 \frac{S^{e}_{t+1}-S_t}{S_t} = \frac{i_{t} - i^{\star}_{t}}{1+i^{\star}_{t}}

Ag neasú an slonn thuas:

 \frac{S^{e}_{t+1}-S_t}{S_t} \approx i_{t} - i^{\star}_{t}

Plé[athraigh | edit source]

Tá difreálach na rátaí úis cothrom go neasach leis an t-athrú céatadáin ionchasach sa ráta malairte. I bhfeidhm, ní choinníonn an paireacht de réir rátaí úis gan chlúdach mar tá biseach riosca ann. Tá an Carry Trade (nó trádáil 'beir leat') ag geallchur ar dialltaí ar phaireacht neamhurraithe rátaí úis.