Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide
Sonraí
Ainm gearrGIEC agus IPCC Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht faoi stiúir na Náisiún Aontaithe
eagraíocht idir-rialtasach
environmental organization (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1988
Bunaitheoir(í)Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtHoesung Lee (en) Aistrigh (2015–2023) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtWorld Meteorological Organization (en) Aistrigh
United Nations Environment Programme (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinipcc.ch Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: IPCC Twitter: IPCC_CH Instagram: ipcc LinkedIn: ipcc Youtube: UCYlPwe7ehuSd5d6ik3K_3lQ Vimeo: ipcc Flickr: ipccphoto Cuir in eagar ar Wikidata

Foras de chuid na Náisiún Aontaithe is ea an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA nó an IPCC, Intergovernmental Panel on Climate Change i mBéarla). Coiste saineolaithe agus eagraíocht is ea é chun measúnú údarásach a dhéanamh ar an eolas eolaíoch ar an bhforthéamh domhanda aus an t-athrú aeráide domhanda de bharr astaíochtaí gáis cheaptha teasa san atmaisféar.

PIRAA - Sixth Assessment Report (AR6) ː Lúnasa 2021[1]

Bhunaigh Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe is Eagraíocht Dhomhanda na Meitéareolaíochta an PIRAA sa bhliain 1988.

John Houghton de chuid PIRAA sa bhliain 2005 agus an 'maide haca'

Déanann PIRAA measúnú freisin ar na hiarmhairtí ar an gcomhshaol, an eacnamaíocht is an tsochaí, agus molann freagairtí straitéiseacha don ghábh seo. Rinne an painéal (a raibh 400 eolaí ó 25 tír mar bhaill de ag an am) a chéad tuarascáil i 1990, ag tuar go n-éireódh meánteocht an Domhain 0.3 °C gach 10 mbliain den chéad seo. Rinne sé a thuarascáil chuimsitheach is déanaí i 2007, ag léiriú go bhfuil an t-athrú aeráide is a iarmhair ag tarlú ar a laghad chomh trom is a tuaradh i 1990.

Tuarascáil sa bhliain 2022 ː

An 'maide haca' bunairhe ar obair a rinne PIRAA sna 1990idí agus níos déanaí

Oibriú an Phainéil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní dhéanann PIRAA buntaighde ná monatóireacht ar athrú aeráide. Déanann sé atbhreithniú córasach ar an litríocht a bhaineann leis an scéal chun an t-eolas is déanaí a thabhairt ar an athrú aeráide, ar a thorthaí agus ar a bhféadfaí a dhéanamh i ngeall air.[2][3] Tairgeann na mílte eolaí agus saineolaí athbhreithniú agus achoimriú a dhéanamh ar na sonraí sna mílte staidéar agus tiomsaíonn siad príomhthorthaí an taighde i dTuarascálacha Meastacháin.[4] Cuireann an t-athbhreithniú béim ar shoiléire agus ar chruinneas agus bíonn an t-ábhar á scagadh i gcónaí;[5] maíodh gurb é an piarmheasúnú is mó ag an bpobal eolaíochta é.[6] Bíonn "Achoimre do Lucht Déanta Beartas" sna tuarascálacha agus gach líne di scrúdaithe ag toscairí ó na rialtais atá páirteach sa ghnó, sin os cionn 120 tír go minic.[7]

Údarás idirnáisiúnta ar an athrú aeráide is ea an PIRAA.[8][6] Tugann sé eolas do rialtais agus don phobal, agus tá an-tábhacht lena chuid tuarascálacha i gCoinbhinsiún Creatlaí na Naisiún Aontaithe um Athrú Aeráide (CCNAAA), an príomhchonradh idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.[9][2]

Déanann toscairí de chuid na mballstát an PIRAA a reáchtáil. Cuireann siad lánchruinnithe ar bun gach bliain ar a laghad.[10] Toghann an painéal seo búró eolaithe a bhíonn ann ar feadh timthriall meastacháin (sé nó seacht mbliana de ghnáth), agus a roghnaíonn saineolaithe atá molta ag rialtais agus ag eagraíochtaí breathnóireachta chun go scríobhfaidís tuarascálacha. Tá rúnaíocht ag an PIRAA, in éineacht le hAonaid Tacaíochta Teicniúla.[10]

Tar éis gur toghadh an búró nua in 2015, thosaigh an PIRAA an séú timthriall meastacháin agus é le críochnú in 2022. Tá roinnt tuarascálacha speisialta foilsithe idir an dá am, agus orthu sin tá an Tuarascáil Speisialta ar Théamh Domhanda 1.5 °C, an Tuarascáil Speisialta ar an Athrú Aeráide agus an Tír, agus an Tuarascáil Speisialta ar an Aigéan agus ar an gCriósféar in Aeráid atá ag Athrú. Dá bhrí sin, maítear gurb é an séú timthriall meastacháin an ceann is uaillmhianaí i stair an PIRAA.[11]

Tuarascáil Mheastacháin an ghrúpa Eolaíochta Fisiciúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí Lúnasa 2021, d’fhógair an grúpa Eolaíochta Fisiciúla a shéú Tuarascáil Mheastacháin.[12]

Deir an tuarascáil mar a leanas:

  • Rinne bearta daonna an t-atmaisféar, an t-aigéan agus an tír a théamh, rud is cúis le athruithe forleathana meara ar an atmaisféar, ar an aigéan, an criósféar (an chuid reoite den aigéan) agus an bithsféar (áit ar bith a bhfuil beatha le fáil).
  • Na hathruithe a rinneadh le déanaí ar an gcóras aeráide ní raibh a leithéidí le fáil cheana leis na céadta nó na mílte bliain. Tá a lán athruithe ann nach féidir iad a leigheas go ceann na gcéadta nó na mílte bliain, go háirithe i dtaca leis an aigéan, na hoighearchlúideacha agus leibhéal na farraige.
  • Téann an t-athrú aeráide a chuir daoine ar siúl i bhfeidhm ar gach réigiún. Tá níos mó fianaise ann ná riamh go bhfuil baint aige le tonnta teasa, báisteach throm, triomach agus anfaí trópaiceacha.
  • Méadóidh an teocht dhomhanda dhromchla go dtí lár na haoise seo ar a laghad. Mura ndéanfar laghdú mór luath ar astúcháin ceaptha teasa, beidh téamh os cionn 1.5 céim Celsius ann agus drochthoradh níos géire fós ann.
  • Déanfaidh téamh leanúnach domhanda an trimthriall domhanda uisce a ghéarú i dtreo go mbeidh sé níos luainí, ag athrú na monsún agus ag géarú triomaigh agus tuilte.
  • De réir mar a mhéadóidh astúcháin dé-ocsaíde carbóin, ní bheidh an tír agus an t-aigéan chomh maith sin ag sú isteach dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar.
  • B’fhéidir go leáfadh na hoighearchlúideacha, go n-athródh sruthanna aigéin go tobann agus go méadódh an téamh thar mar atá súil leis.
  • Chun srian a chur leis an téamh a chuir daoine ar bun, is gá astúcháin charnacha dé-ocsaíd charbóin a laghdú go náid ghlan. Is gá astúcháin ceaptha teasa eile leithéidí meiteáin a laghdú chomh maith.
  • Dá mbeadh astúcháin an-ísle ann bheadh a rian sin le haithint i gceann roinnt blianta ar charnadh aerasól agus gás ceaptha teasa agus ar chaighdeán an aeir. D’aithneofaí laghdú ar an teocht dhromchla i gceann timpeall fiche bliain.[12]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. PIRAA (IPCC) (Lúnasa 2021). "AR6 Climate Change 2021: The Physical Science Basis — Summary for Policy Makers [pdf]". www.ipcc.ch. Dáta rochtana: 2022-06-01.
  2. 2.0 2.1 IPCC. "Principles Governing IPCC Work".. Ceadaithe 1–3 Deireadh Fómhair 1998, athcheartaithe 14–18 Deireadh Fómhair 2013. Athrochtain 22 February 2019.
  3. [1] Appendix A to the Principles Governing IPCC Work
  4. "Structure of the IPCC".
  5. "234 scientists read 14,000+ research papers to write the IPCC climate report – here’s what you need to know and why it’s a big deal". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-17. Dáta rochtana: 2021-08-24.
  6. 6.0 6.1 "IPCC, the world's unrivalled authority on climate science".
  7. "Understanding Climate Change: 22 years of IPCC assessment".
  8. "Scientists offered cash to dispute climate study". “Lord Rees of Ludlow, the president of the Royal Society, Britain's most prestigious scientific institute, said: "The IPCC is the world's leading authority on climate change..."”
  9. Introduction to the Convention, UNFCCC, arna chartlannú ón mbunleagan ar 8 January 2014, aisghafa 27 January 2014{{citation}}: CS1 maint: bot: original URL status unknown (link).
  10. 10.0 10.1 "Structure — IPCC".
  11. "Decisions adopted by the 43rd Session of the Panel".
  12. 12.0 12.1 "AR6 Climate Change 2021: The Physical Science Basis — IPCC". www.ipcc.ch. Dáta rochtana: 2022-06-01.