Fliú Spáinneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Paindéim Fliú 1918)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFliú Spáinneach
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(fr) La Grippe Espagnole
(es) La Pesadilla Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpaindéim fliú de Fliú A(H1N1)
paindéim
galar tógálach
zónóis
ráig ghalair Cuir in eagar ar Wikidata
TréimhseEanáir 1918 - Nollaig 1920
TírStáit Aontaithe Mheiriceá agus an Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe imeachtaFort Riley, Kansas (en) Aistrigh
Contae Haskell, Kansas
Camp Funston, Kansas (en) Aistrigh
Étaples, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
CúisFliú A(H1N1) Cuir in eagar ar Wikidata
Number of cases (en) Aistrigh500,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna ± 50,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
An Chéad Chogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Íospartaigh an fhliú i 1918, saighdiúirí Meiriceánacha ón bhFórsa Sluaíochtain, san Ospidéal Champa Airm SAM, Uimhir 45, Aix-les-Bains.

Paindéim fliú[1] ollmhór, idir Feabhra 1918 agus Aibreán 1920, ab ea an Fliú Mór, nó an Fliú Spáinneach. Scaip an phaindéim ar fud an domhain agus fuair 17 milliún bás dá bharr ar a laghad, ach b'fhéidir i bhfad níos mó, agus níos mó ná a maraíodh sa gCéad Chogadh Mór óna thús go dtína dheireadh.[2]. Bhain an phaindéim sin craitheadh uafásach as an domhan.[3]

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

taispeántas Red Cross, Washington D.C., 1918

An víreas fliú A(H1N1) (fochineál nó sórt fliú) a bhí neamhghnách agus an-mharfach ar fad, ba chúis leis.

Ní fios, de réir easpa fianaise stairiúla agus eipidéimeolaíochta, tír thionscnaimh na paindéime i ndáiríre. Dúradh gur i gcampa airm a thosaigh sé sna Stáit Aontaithe – in áit a dtugtar Fort Riley, Kansas, air.[4]

Chruthaigh daoine eile ó shin go raibh sé tosaithe le tamall roimhe i gcampa airm in Etaples sa bhFrainc. Campa a bhí ansiúd a raibh 100,000 saighdiúir ag dul tríd chuile lá. Ach bhí teoiric eile ann gur as an tSín a scaip an Fliú Spáinneach go Meiriceá agus as sin go dtí an Fhrainc.

Ainmníodh é An Fliú Spáinneach mar gur tugadh níos mó poiblíochta dó sa Spáinn i dtús aimsire ná a tugadh i dtíortha eile. Ní raibh aon chinsireacht mhíleata sa Spáinn mar ní raibh an tír sa gcogadh.

American Red Cross Hospital, 36 Cearnóg Mhuirfean, BÁC sa bhliain 1918

Básanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh an t-eolaí Matt Hussey[5], "I bpaindéim 1918 fuair 25 milliún duine bás ar fud an domhain". "40 milliún" a scríobh Seosamh Ó Cuaig.[3] Ach b'fhéidir gur fuair idir 50 milliún agus 100 milliún daoine bás de bharr an galar[6]. Meastar go raibh an galar ag trian de dhaonra an domhain, sé sin 500 milliún daoine ag an am.

Aosaigh óga sláintiúla ba ea tromlach na n-íospartach, i gcomparáid agus i gcodarsnacht le ráigeanna fliú eile, nuair ba iad na daoine sna grúpaí ‘i mbaol' (ná daoine aosta agus mífholláin).

Eanáir 1919 - sochraid i mBéal Feirste, Private Joseph A. McCarthy, Nebraska. Bhí an-sochraid air is cosúil

An phaindéim in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éag níos mó ná 20,000 in Éirinn[7], 23,000 b'fhéidir[8]. I gcomparáid, sa bhliain 1916, mharaigh fliú agus na galair thógálacha go léir (cosúil leis an mbruitíneach, fiabhras dearg, triuch, diftéire srl) 2,092 duine[9].

Ina ráigeanna a tháinig an Fliú Mór in Éirinn– trí cinn acu[10]. Cathair Bhéal Feirste ba mheasa a bhí buailte ag an gcéad ráig a tháinig i ndeireadh an Earraigh 1918.[11][12][13][14]

Faoi Shamhain a tháinig an ráig ba mheasa. Bhí 40-50 curtha i reilig Ghlas Naíon gach lá i mí na Samhna 1918[15],[16]. Bhí an ráta báis ó 20/1000 i mBéal Feirste go 50/1000 i lár Bhaile Átha Cliath.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éireannaigh a d'éag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoine mór le rá a tháinig slán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "pandemic - Aistriúchán Gaeilge ar pandemic (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2020-11-14.
  2. Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith. Ó thosaigh an Cogadh, fuair níos mó ná 16 mhilliún bás, lena n-áirítear tuairim agus 7 milliún sibhialtach
  3. 3.0 3.1 Seosamh Ó Cuaig. "Ón bhfliú Spáinneach go dtí fliú na bhfear…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  4. lch 49, http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf
  5. Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  6. Johnson N.P., Mueller J. « Updating the accounts: global mortality of the 1918-1920 “Spanish” influenza pandemic. », Bull Hist Med., printemps 2002, 76(1), p. 105-15. pmid:11875246
  7. "Greatest killer of the twentieth century: the Great Flu of 1918–19". History Ireland (2013-03-05). Dáta rochtana: 2020-11-15.
  8. Mártan Ó Ciardha. "Ag póirseáil dom sna sean-nuachtáin, ghreamaigh mo shúile d’eagrán an Kerryman an 26 Deireadh Fómhair 1918" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  9. cso.ie. "An Saol in Éirinn sa bhliain 1916 - CSO, lch 34". Dáta rochtana: 2020.
  10. Fri, 14 Sep, 2018 - 01:00 (2018-09-14). "The deadly trail of the Spanish Flu through Ireland in 1918" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  11. Pádraic Tom Bán Breathnach (2018). "An Fliú Mór 1918-19" (as ga).  Curtha i gcartlann 2020-11-21 ar an Wayback Machine
  12. S Ó Tuairisg; Cormac O Breisleáin (1972-08-22). "Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972)" (as ga) Luann Ó Breisleáin gur bhásaigh na céadta i gceantar Ghaoth Dobhair ón bhfliú mór a bhí ann i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Mhóir. I roinnt cásanna fuair níos mó ná duine amháin as an teaghlach céanna bás..  Curtha i gcartlann 2020-11-16 ar an Wayback Machine
  13. Seán Ó Súilleabháin; An Fliú Spáinneach. "Cailleadh cheithre dhuine dhéag leis an fliú Spáinneach i mBéal Átha an Ghaorthaigh i 1919.". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-11-15.
  14. Donncha Ó hEallaithe (2018). "An Connacht Tribune 1918" (as ga).  Curtha i gcartlann 2022-10-07 ar an Wayback Machine
  15. Joe Joyce. "November 9th, 1918: Relief as deaths from 1918 Spanish flu epidemic began to decline" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-14.
  16. Pádraig Yeates - A City in Turmoil – Dublin 1919–1921: The War of Independence