Pailéapaiteolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar ghalair ársa dhaonna ó ábhar cnámharlach den chuid is mó, ach ó bhogfhíocháin a caomhnaíodh trí sheargadh nó i bportach dí-ocsaiginithe freisin. Is féidir airtríteas, eitinn, lobhra, sifilis, sceachaillí, galar fiacla, bristí, is míchumaí ón mbroinn a dhiagnóisiú, chomh maith le galair easpa cothaithe cosúil le raicíteas is fraimis. Is iontach an léargas ar dhéimeagrafaíocht na mílte bliain ó shin a fhaightear ó tharluithe coibhneasta na ngalar i measc na ndaoine an t-am sin is na faid saoil a baineadh amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pailéapaiteolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 502.