Pailéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pláta maol adhmaid, ubhchruthach nó dronuilleogach, a gcuireann an péintéir a dhathanna in eagar air. Is í an chiall eile ná an raon ar leith dathanna a úsáideann an t-ealaíontóir. Mar shampla, uaireanta bhí Rembrandt teorannaithe do 4 nó 5 bhundath. I gcontrárthacht leis sin, bheadh suas le 12 bhundath ag impriseanaí.