An Choróin Mhuire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Paidrín)
an Paidrín

Deabhóidí shacraiminteach agus Mhuire de chuid na hEaglaise Caitlicí is ea an Choróin Mhuire (ón Laidin 'rosarium', brí "rós-ghairdín" nó "bláthfhleasc") dírithe ar urnaí agus ar chomóradh na n-eachtraí a thárla le linn d'Íosa Críost bheith beo​​.


Na paidreacha[athraigh | edit source]

Cré na nAspal

Creidim i nDia, an tAthair Uilechumhachtach, Cruthaitheoir Nimhe agus Talún, agus i nÍosa Críost a Aonmhac san ár dTiarna, do gabhadh ón Spriod Naomh, do rugadh ó Mhuire ógh, d'fhulaig páis fé Phointeas Píolóid, do céasadh ar an gcrois, fuair bás agus d'adhlacadh, chuaigh síos go hifreann, d'aiséirigh an treas lá ó mhairbhe, chuaigh suas ar neamh, tá ina shuí ar dheasláimh Dé an tAthair Uilechumhachtach, as san tiocfaidh ag tabhairt bhreithiúntais ar bheo is ar mhairbh. Creidim sa Spriod Naomh, sa naomh-Eaglais Chaitliceach, i gComaoine na Naomh, i Maithiúnachas na bPeacaí, i nAiséirí na Colla, is sa Bheatha Shíoraí. áiméin.


Ár nAthair

Ár nAthair, atá ar neamh, go naomhaítear t'ainm, go dtaga do ríocht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dhúinn inniu, agus maith dhúinn ár bhfiacha mar a mhaithimíd d'ár bhféachúna féin, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. áiméin.


Is é do Bheatha, a Mhuire

Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mnáibh agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guígh orainn na peacaigh,anois agus ar uair ár mbáis. áiméin.


Glóir don Athair

Glóire don Athair is don Mhac is don Spriod Naomh, mar a bhí ar dtús, mar atá anoid, is mar a bheidh go brách, trí shaol na saol. áiméin.


Paidir Fatima

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire. áiméin.


Is é do Bheatha, a Bhanríon Naofa

Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon Naofa, a Mháthair na Trócaire, go mbeannaíthear duit, is tu ár mbeatha, ár mílseacht is ár ndóchas. Is ort-sa a screadaimíd, clann bhocht dhíbeartha Éabha, is chughat-sa suas a chuirimíd ár n-osnaithe, ag caoineadh is ag gol sa ghleann so na ndeor. Iompaigh orainn, dá bhrí sin, a Choimirce, a chaomh-uasail, do shúile atá lán de thrua, is nuair a bheidh deireadh lenár n-íobairt ar an saol so, tabhair radharc dúinn ar thoradh do bhroinne, Íosa, a Mhaighdean Mhuire ró-thrócaireach, ró-ghrámhar, ró-mhilis. Guigh orainn a naomh-Mháthair Dé, ionas gur fiú sinn gealltanais Chríost a fháil. áiméin.

A Athair Shíoraí, gur cheannaigh t'Aonmhac dúinn, lena bheatha, lena bhás, is lena aiséirí, aoibhneas síoraí na bhFlaitheas, tabhair dúinn, achnaímíd ort, do ghrásta, ionas ag machnamh dúinn ar na mistéiribh seo na Corónach Mhuire, go dtiocfadh linn do thoil naofa a dhéanamh agus an t-aoibhneas síoraí sin do shroisint, trí Íosa Críost ár dTiarna. áiméin.

Na Rúndiamhra[athraigh | edit source]

Na Rúndiamhra Sólásacha

Na Rúndiamhra Soilseacha

Na Rúndiamhra Dólásacha

Na Rúndiamhra Glórmhara

http://pourlerosaire.free.fr/