Pádraig Mac Piarais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Padraig Pearse)
Pádraig Mac Piarais
Patrick Pearse.jpg

Uachtarán an Rialtais Shealadaigh

Ceann Foirne Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann

Dáta breithe 10 Samhain 1879
  Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis 3 Bealtaine 1916
  Baile Átha Cliath, Éire

Oide, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus gníomhaire polaitiúil Éireannach ab ea é Pádraig Anraí Mac Piarais, An Piarsach, (as Béarla, Patrick Henry Pearse; (10 Samhain 18793 Bealtaine 1916), agus é ar dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. An teideal a bronnadh air ná Uachtarán an Rialtais Shealadaigh le linn an éirí amach, agus b'eisean a chur tús leis nuair a léigh sé Forógra na Poblachta agus iad ag glacadh seilbh ar Ardoifig an Phoist. Gabhadh an Piarsach agus na fír eile nuair a theip ar an eirí amach, agus cuireadh chun báis é.

Clár ábhair

[athraigh] Tús a Shaoil

27 Sráid an Phiarsaigh, áit ina rugadh Pádraig agus Liam Mac Piarais.

Rugadh Pádraig Mac Piarais i dteach ag 27 Great Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh inniu) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1879. Dealbhóir ó Shasana ab é a athair Séamas Mac Piarais. Fuair sé a chuid bunoideachais ó na na Bráithre Críostaí. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag staidéar san Ollscoil Ríoga. Chuaigh sé le dlí i dtosach, ach níor lean sé den cheird sin, nó bhí dímheas aige ar an dlíodóireacht mar rud. Aon uair amháin, áfach, chosain sé fear ón nGaeltacht ar cuireadh an dlí air nuair a litrigh sé a ainm as Gaeilge ar a charr. Chuir sé Scoil Éanna ar bun, arbh í an chéad scoil dhátheangach sa tír le blianta fada. Léirigh sé a dhearcadh faoin oideachas ina leabhar 'The Murder Machine', agus b'í an Scoil Náisiúnta an "meaisín" a bhí i gceist aige, ó bhí sé barúlach gurb í an scoil sin a bhí ag déanamh cabhóg na Gaeilge. Bhí suim aige sa Ghaeilge ó thús a óige. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge sa bhliain 1896 agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó nuair a bhí sé fiche bliain d'aois.

B’iomaí tréimhse a chaith sé i gConamara ag foghlaim na teanga. Thóg sé teach beag ceanntuí dó féin i Ros Muc agus chuir sé aithne mhaith ar mhuintir na háite. Chaith sé tamall ina fhear eagair ar an gClaidheamh Soluis, iris Chonradh na Gaeilge. Nuair a cuireadh na hÓglaigh ar bun, bhí lámh aige san obair sin, freisin - bhunaigh sé buíon acu i Ros Muc. Ba bhall gníomhach de Bhráithreachas na Poblachta (The Irish Republican Brotherhood) é.

Bhí an-tionchar ag a óráid ag sochraid an tsean-Fhinínigh, Diarmaid Ó Donnabháin Rossa ar mheon pholaitiúil na tíre. I bhfad i ndiaidh bhás an Phiarsaigh féin, bhí daltaí scoile ag foghlaim na hóráide de ghlanmheabhraíocht.

[athraigh] Scríbhneoireacht

Scríobh sé dánta agus scéalta agus drámaí i nGaeilge, m. sh. An Mháthair, Íosagán, an Rí, srl. Scríobh sé cuid mhaith i mBéarla, chomh maith, ag gríosadh na nGael chun troid a chur ar son na saoirse.

[athraigh] Éirí Amach na Cásca

Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca in Éirinn i 1916. Toghadh é ina uachtarán ar Phoblacht na hÉireann agus léigh sé Forógra na Poblachta lasmuigh de Ardoifig an Phoist ag tús an Éirí Amach. Mhair an tÉirí Amach ar feadh seachtaine, ach nuair a chonaic an Piarsach an slad a bhí á dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath de bharr na troda chinn sé géilleadh d'Arm na Breataine. Dhaor na Gaill chun báis é, agus cuireadh é féin agus a dheartháir Liam (Willie) chun báis i gclós Phríosún Chill Mhaighneann chomh maith le dáréag eile de cheannairí an Éirí Amach.

[athraigh] Naisc sheachtracha



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile