Pachacuti
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Pachacuti | |
|---|---|
| 9ú "Sapa Inca" | |
| Pachacuti Inca Yupanqui (Pictiúr le Guaman Poma) | |
| Réimeas | 1438 – 1471/1472 |
| Réamhtheachtaí | Viracocha |
| Comharba | Túpac Inca Yupanqui |
| Rítheaghlach | Hanan |
Ba rí Inceach é Pachacuti, nó "An Talamhchroitheadóir". Níor thosaigh Impireacht na nInceach ag dul i bhfairsinge ach faoi réimeas Pachacuti. Bhí sé ar an naoú Sapa Inca a bhí ag rialú ríocht Cuzco, agus tháinig sé i seilbh na cumhachta sa bhliain 1438.
Saighdiúir den chéad scoth a bhí ann, de réir scéalaíocht na nInceach, agus tháinig a éirim chun solais an chéad uair ina fhear óg dó. Insíonn an scéal go raibh na Chankas díreach ag ionsaí Cuzco, agus idir athair agus dheartháir Pachacuti ag teitheadh lena n-anam. (Ba iad na Chankas an treibh ba mhó a bhí ag déanamh scime do na hIncigh san am seo mar naimhde, agus cónaí orthu i réigiún Apurimac.) Ba é Pachacuti a spreag arm na nInceach chun a ndúiche féin a chosaint, agus sa deireadh, fuair siad an ceann is fearr ar an namhaid. Chuaigh Pachacuti i dtáin na laochra, agus deireadh na scéalaithe ina dhiaidh sin gur éirigh na clocha féin amach le troid a chur ar na Chankas.
Le cuidiú óna mhac, Tupac Yupanqui, d'éirigh le Pachacuti an cathairstát a iompú ina impireacht. Sa bhliain 1471, nuair a fuair sé bás, bhí sé tar éis Peiriú agus an Bholaiv (de réir theorainneacha an lae inniu) a shealbhú do na hIncigh, chomh maith le codanna den tSile, Eacuadór, agus tuaisceart na hAirgintíne.
Bhí ciall aige do chúrsaí an riaracháin freisin, nó ba eisean a dhealaigh an Impireacht ina ceithre chúige. Chuir sé gobharnóir nó apo ag rialú gach cúige, agus miontaoisigh, t'oqrikoq ag rialú na gceantar agus iad dílis don apo. San am céanna, áfach, d'fhéach sé chuige nach mbeadh aon chumhacht ag an apo ar na sagairt áitiúla ná ar na saighdiúirí a bheadh ar garastún sa chúige. Nuair a tháinig na Spáinnigh go dtí an Impireacht, bhí timpeall ar 15 t'oqrikoq faoi gach apo, ach is dócha nach raibh siad chomh líonmhar nuair a chuir Pachakuti tús leis an gcóras.
Creidtear freisin gurbh é Pachacuti a chuir bun leis na mitimaes. D'fhéadfá a rá go raibh na mitimaes cosúil leis na plandálacha Gallda in Éirinn: go bunúsach, coilínithe ab ea iad na mitimaes a cuireadh ina gcónaí sna ceantair fhorghafa, ionas go bhfoghlaimeodh na bundúchasaigh teanga agus nósanna na nInceach uathu.
Cé go raibh ciall ag Pachacuti do riachtanaisí an riaracháin chomh maith leis an tsaighdiúireacht, níor rith leis riamh rialacha a leagan amach le comharbas an tSapa Inca a shocrú. Bhí an Impireacht go mór thíos leis, nó mura mbeadh clann mhac an tSapa Inca ag teacht le chéile faoi cé acu a rachadh i gceannas ar an tír, chaithfí cogadh cathartha a chur leis an gcomharba a roghnú.
Shíothlaigh Pachacuti sa bhliain 1471. Ba é a mhac, an ginearál éirimiúil Tupac Inca Yupanqui, a fuair céim an tSapa Inca ina dhiaidh.