Pósadh an Phrionsa William, Diúc Chambridge agus Catherine Middleton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Prionsa William, Diúc Chambridge agus Catherine Middleton

Ar an Aoine, 29 Aibreán 2011 phós an Prionsa William, Diúc Chambridge (William, prionsa na Breataine Bige) Catherine 'Kate' Middleton ag Mainistir Westminister Londan ag 11.00 ar maidin. Chas William, atá mar an dara duine a thiocfaidh i gcomharbacht ar Éilís II, le Middleton den chéad uair sa bhliain 2001 agus an bheirt acu mar mhic léinne ag Ollscoil Naomh Aindriú. Fógraíodh go raibh siad geallta ar an 16 Samhain 2010.