Pónaire mhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPónaire mhór
Phaseolus lunatus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo depónaire mhór Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN71776946 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
TreibhPhaseoleae
GéineasPhaseolus
SpeiceasPhaseolus lunatus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda cúplach bliantúil nó ilbhliantúil, dúchasach do na trópaicí i Meiriceá Theas. 3 dhuilleoigín ar na duilleoga. Na pisbhláthanna bán nó scothbhuí i gcrobhaingí fada ag teacht amach as ascaillí na nduilleog. Na cochaill suas le 12.5 cm ar fhad, dronuilleogach le 2-4 shíol leata scothbhán i ngach ceann. Tugtar pónaire lima uirthi freisin. Saothraítear go forleathan sna trópaicí is na fothrópaicí í ar son na síolta inite (na pónairí). Tá saghsanna saothraithe le síolta dearga, donna, corcra is dubha coitianta go leor.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pónaire mhór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 533.