Píolóta (iasc)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iasc mara a fhaigheann a ainm ó iompar na n-óg a shnámhann taobh le longa nó éisc mhóra, cosúil le liamháin. Bíonn claonadh ag na héisc fhásta a bheith aonarach. Suas le 60 cm ar fhad, scothliath/ gorm ar an droim le bandaí cliathánacha. Forleathan sna farraigí trópaiceacha is fothrópaiceacha.