Périgueux

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Périgueux

Común sa départment Dordogne san Acatáin, in iardheisceart na Fraince is ea Périgueux (foghraíocht i bhFraincis: [peʁiɡø]; Ocsatáinis: Peireguers [pejɾeˈɣɥes, pejɾeˈɡœː] nó Periguers [peɾiˈɣɥes, peɾiˈɡœː]). Is é Périgueux maoracht an départment. Tá deoise Chaitliceach Rómhánach ann freisin. Tá cáil faoi leith ar chócaireacht réigiún Périgueux.

Tagann an t-ainm Périgueux ón tSean-Cheiltis. "Na ceithre threibh" is ciall dó. Chuir Gallaigh fúthu sa cheantar timpeall 200 RC agus i ndiaidh ionraic na Rómhánach, bhog siad ó dheas beagán agus chuir siad campa ar bun ar bhruach na hIsle. Vesunna a thugtaí i Laidin ar an mbaile a d'fhás san áit sin. Faoin 3ú haois bhí aimfitéatar, folcthaí agus áiseanna eile tipiciúla de bhaile Rómhánach ann.

Rugadh William Joseph Chaminade (1761–1850) in Périgueux. Eisean a bhunaigh Cumann Mhuire. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, tarrtháladh a lán Giúdach agus daoine eile ón Alsáis agus iad á n-aistriú go Périgueux. Tá titim leanúnach ar dhaonra an chomúin ó na 1950idí i leith. 29,811 an daonra sa bhliain 2011.