Péintéireacht radharc mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Calais Pier, Joseph Turner, 1803

Cineál péintéireachta a bhí faoi rath san Ollainn sa 17ú céad, a léirigh tábhacht na tráchtála le tíortha thar lear d'eacnamaíocht na tíre. Ardphéintéir sa chineál seo ab ea an Sasanach Joseph M. W. Turner sa 19ú céad, agus cáil mhór ar an bhfarraige stoirmiúil i gCalais Pier (Cé Calais, 1803) is an longbhriseadh i The Wreck of a Transport Ship (Briseadh Long Iompair, c 1810) leis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Péintéireacht radharc mara". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.