Pápa Greagóir XVI
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| Bartolomeo Alberto Mauro Cappellari | |
| Tús a Réimis | 2 Feabhra, 1831 |
|---|---|
| Deireadh a Réimis | 1 Meitheamh, 1864 |
| Réamhtheachtaí | Pius VIII |
| Comharba | Pius IX |
| Sonraí pearsanta | |
| Dáta Breithe | 1765 |
| Áit Breithe | Belluno, An Iodáil |
| Dáta Báis | 1864 |
| Áit Bháis | An Róimh |
Ba é Greagóir XVI pápa na hEaglaise Caitlicigh idir 1831 agus 1846. Ba manach Ceamaldóilíseach é, bráinse dian den Ord Beinidicteach. Bhí cáil air mar comeádach agus traidisiúineóir nuair a bhí an Eoraip ag dul i dtreo bliain na réabhlóíde.
Rugadh Bartolomeo Alberto Cappellari sa bhliain 1765 i mBelluna san Iodáil. Chuaigh sé san Ord Ceamaldóilíseach ina óige, ach tháinig aird ar a chumas mar dhiagaire agus mar theangólaí. Ba eiseann ar cheann de na cosantóirí is mó den Pápa tar éis do Napoleon na Stáit Pápúil a ghabhadh. Tar éis teacht ar ais Pius VII don Róimh in 1814, fuair an tAthair Cappellari post i seirbhís na hEaglaise sa Róimh. Rinneadh an Pápa Leo XII cairdinéal dó in 1825. Nuair a thoghadh é mar Phápa in 1831, ní raibh sé ina easpag - ba é an sagart deireannach nár easpag é a thoghadh ina Phápa.
Bhí an Pápa Greagóir coiscrithe ina easpag, a cur tús le pápaireacht fíor-choimeádach. Bhí liobráiligh ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa agus bhí fuinneamh sna gluaiseachtaí náisiúnta nua. Bhí Greagóir i gcoinne dul chun cinn teicneolaíochta ar nós soilsiú gáis agus na hiarann-róid. Ó thaobh conspóid diaga, chuir sé tosach leis an frith-gnímhú ultramointéanach i gcoinne na Gailiceánaigh, Caitlicigh a sheas ar son saoirse na neaglaisí náisiúnta i gcoinne lár-riaradh na heaglaise sa Róimh. I dtosach a réim, bhí liobráiligh sa bhFrainc, ar nós an tAthair Felicité de Lammenais, ar son polasaithe Greagóir i gcoinne na Gailiceánaigh coimeádach i measc cliarlathas na Fraince, ach de réir a chéile, ba léir go raibh Greagóir sa champa caomhach.
Ó thaobh polaitíocht saolta de, cuireadh tús leis an feachtas aontaithe Iodáileach. Tháinig na Poblachtaigh radacacha i gcoinne polasaithe an Phápa agus bhí foréigeann ann. Bhí an Pápa láidir ina choinne, ach cáileadh riaradh na Stáit Pápúil dá réir, cé go raibh an-chuid gníomhaíocht ar siúl san Róimh ag an am.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |