Páirc na nGael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Páirc na nGael
Sonraí
CineálStaid
Foirgníocht1928 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1928
2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinLuimneach, Éire
Map
 52°40′12″N 8°39′15″W / 52.6701°N 8.6542°W / 52.6701; -8.6542
Gníomhaíocht
ÚinéirCLG Chontae Luimnigh
Suíocháin49,866
ClubCLG Chontae Luimnigh
Áth Dara v Baile Stiabhana, Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh i bPáirc na nGael ar an 8ú Bealtaine 2009.

Staid spóirt Éireannach í Páirc na nGael, an staid baile atá ag na foirne Cumann Lúthchleas Gael Luimneach. Tá an pháirc suite i gcathair Luimnigh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 9 Deireadh Fómhair 1926, aontaíodh go raibh páirc mhaith de dhíth don CLG i gContae Luimnigh. Ceannaíodh sean-fheirm a bhí suite i gCoolraine ar Bóthar na hInse, agus tosaíodh obair ar staid nua. D'osclaíodh é don chéad uair mar pháirc spóirt sa bhliain 1932, nuair a cuireadh dhá chluiche sóisearacha iomána ar siúl. Sna 1950idí, bhíodh suas go dtí 50,000 duine ag freastal ag cluichí ann.

Tógadh ardán nua sa bhliain 1958, agus bhí slua 61,174 duine sa pháirc sa bhliain 1961 ag féachaint ar chluiche ceannais Mumhan idir Corcaigh agus Tiobraid Árainn. Tháinig socrú mór sa bhliain 1979, nuair a aontaíodh go mbeadh ath-chórú nua déanta. Críochnaíodh é sa bhliain 1988, agus cuireadh cluiche ceannais Mumhan ar siúl anseo arís. Caitheadh € 12,000,000 sa bhliain 2004, chun ardán nua le cóir suí 12,000 duine agus dhá lochtán nua taobh thiar den chúil.

An cóir suí faoi láthair ná 49,500.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]