Páirc Uí Chaoimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Páirc Uí Chaoimh
Íomhá
Ainmnithe in ómósPádraig Ó Caoimh
Sonraí
CineálIonad spóirt
Foirgníocht6 Meitheamh 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla6 Meitheamh 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCorcaigh, Éire
Map
 51°53′59″N 8°26′06″W / 51.8997°N 8.435°W / 51.8997; -8.435
Gníomhaíocht
ÚinéirCLG Chontae Chorcaí
Suíocháin43,550
SealbhóirCLG Chontae Chorcaí
Suíomh gréasáin oifigiúilpaircuichaoimh.ie

Is staid spóirt í Páirc Uí Chaoimh gur leis an Cumann Lúthchleas Gael í. Baintear úsáid aisti don iománaíocht agus don pheil ghaelach, go háirithe do chluichí móra idir foirne Chorcaí agus contaetha eile. Tá sé lonnaithe i gCathair Chorcaí, Éireann, agus toilleadh 43,500 air. Tá ardán faoi iamh, ardán oscailte, agus dhá ardáin seasaimh taobh thiar gach cuaille báire. D’osclaíodh é go hoifigiúil ar an 6ú Meitheamh, 1976 ag Con Murphy, Uachtarán CLG ag an am. B’é an chéad staid riamh a dtógadh go speisialta do chluichí ghaelach; tógadh é ar shean-suíomh na faichí lúthchleasa i mBaile an Teampaill.

Dúchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an staid a hainm tar éis Pádraig Ó Caoimh, rúnaí CLG idir 1929 agus 1964 agus aitheanta mar ailtire an nua-CLG. Tá an príomhardán ainmnithe tar éis Seán Mac Cárthaigh, an dara uachtarán den chumann a tháinig as Corcaigh.

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi láthair (2006), tá fonn ag an CLG i gCorcaigh an fearann in aice láimhe le Páirc Uí Chaoimh a cheannach ó Chumann Talmhaíochta na Mumhan. Tar éis na céime seo, tosóidh athchóiriú an staid a bheidh in ann freastal ar 55,000 daoine ina dhiaidh. Cuirfear leibhéal eile leis an ardán faoi iamh atá ann, agus gheobhaidh an chuid eile den staid díon. Tá gach cosúlacht ann go bhfaighidh an pháirc tuilsoilse cosúil le Páirc Uí Rinn, staid CLG eile in aice láimhe.