Páirc Pharnell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páirc Pharnell
'Parnell Park'
Páirc Pharnell
Sonraí
Suíomh Domhnach Cearnaigh, Contae Bhaile Átha Cliath
Dromchla Féar
Dílseánach CLG Chontae Bhaile Átha Cliath
Cónaitheoirí
Tionóntaí N/A
Acmhainn
Acmhainn 13,499

Staid spóirt atá suite i nDomhnach Cearnaigh, Contae Átha Cliath, Éire í Páirc Pharnell ( nó Páirc Parnell uaireanta) (Béarla: Parnell Park). Eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael cluichí Gaelacha sa pháirc seo, agus is í staid bhaile CLG Chontae Bhaile Átha Cliath í. Peil Ghaelach, iomáint agus camógaíocht na spóirt is mó a imrítear ann. Tá ceanncheathrú an CLG sa chontae suite ann fós.

Tugtar The Nell mar leasainm ar an staid uaireanta. Is féidir timpeall 13,500 duine a chur ina suí ann.