Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachPáirc Náisiúnta Bhaile Chruaich
Íomhá
CineálPáirc náisiúnta agus Limistéar Caomhantais Speisialta Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54°01′N 9°42′W / 54.02°N 9.7°W / 54.02; -9.7
Tréithe
Achar117.79 km² Cuir in eagar ar Wikidata
International Dark Sky Park (en) Aistrigh
Am2016
Catagóir II IUCN: Páirc Náisiúnta
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh1998 Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoiran tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra Cuir in eagar ar Wikidata

Is páirc náisiúnta í Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich, agus í suite in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Tá sí ar cheann de na talaimh phortaigh is mó san Eoraip, 117.9 ciliméadar cearnógach de bhratphortach Atlantach ar fad. Tá gnáthóga agus speicis éagsúla thábhachtacha eile faoi chosaint ann. Ina measc tá fraochmhá Alpach, féarach sléibhe, fraochmhá, agus dobharcheantair lochanna agus aibhneacha. Tá fraochmhá Alpach le fáil ar an mbinn is airde, is í sin an Corrshliabh.