Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharPáipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Paimfléad faoi litríocht na Gaeilge atá in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca atá bunaithe ar chaint a thug Máirtín Ó Cadhain uaidh i nGeimhreadh na bliana 1969. D'fhoilsigh an grúpa stocaireachta Misneach é. Déanann Eoghan Ó hAnluain an leabhar a chur i láthair. San óráid deir sé ‘Tá aois na Caillí Béarra agam, aois Bhrú na Bóinne, aois na heilite móire. Tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí.'

Sa bhliain 1969 thug sé an phríomhléacht ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Aonach Urmhumhan. Go luath ina dhiaidh sin foilsíodh an léacht sin faoi chlúdach leabhair. Tá an aiste sin ar na cinn is tábhachtaí faoi scríbhneoireacht na Gaeilge dár foilsíodh riamh.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]