Pádraig Sáirséal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pádraig Sáirséal.
Dealbh cuimhneacháin Phádraig Sáirséal i bPlás na hArd-Eaglaise, Luimneach

Saighdiúir Éireannach agus ceannaire fhórsaí na hÉireann le linn Léigear Luimnigh ab ea Pádraig Sáirséal, Iarla Leamhcáin (1660- 21 Lúnasa, 1693).

Óige[athraigh | edit source]

Rugadh an Sáirséalach i Leamhcán, Contae Átha Cliath sa bhliain 1660 do chlann Normannach a tháinig go hÉirinn ag deireadh an 12ú haois. B’uasal Caitliceach a athair Pádraig, a phós Áine Ní Mhórdha, iníon an taoisigh Ghaelaigh Ruairí Ó Mórdha, a bhí i gceannas ar Éirí Amach 1641 i gcoinne riail na Sasanach in Éirinn.

Sa Fhrainc agus i Sasana[athraigh | edit source]

Thug sé seirbhís i gcathlán Sasanach a throid ar son Rí Laoiseach XIV na Fraince le linn réimeas an Rí Séarlas II i Sasana agus d’fhill sé ar Shasana nuair a tháinig an Caitliceach, Rí Séamus II i réim sa bhliain 1685.

Le linn Chogadh Cathartha Shasana, throid sé i gcath Sedgemoor i gcoinne fhórsaí Dhiúc Monmouth ar 6 Iúil 1685. Rinneadh coirnéal de an bhliain dár gcionn agus d’fhill sé ar Éirinn i dteannta Risteard Talbóid, Iarla Thír Chonaill, chun ceannaireacht Chaitliceach a chur ar arm na hÉireann.

Cogadh an Dá Rí[athraigh | edit source]

Caitheadh an Rí Séamus as cumhacht sa bhliain 1688 agus ainmníodh a chliamhain Phrotastúnach, Liam III Oráiste na hOllainne mar chomharba air. Theith sé go dtí an Fhrainc agus le cabhair ó Laoiseach XIV, tháinig sé go hÉirinn chun a réimeas a athghabháil. Duine dá cheannairí ab ea an Sáirséalach, a ghabh seilbh ar Chúige Chonnacht do Shéamus II agus rinneadh ginearál de dá bharr.

Ghlac sé páirt i Léigear Dhoire (1689), Cath na Bóinne (1690) agus Cath Eachroma (1690) mar dhuine de na ceannairí Éireannacha, ach chaill fórsaí an Rí Séamus an trí cinn díobh.

Léigear Luimnigh[athraigh | edit source]

Príomhalt: Léigear Luimnigh

Nuair a chúlaigh arm Shéamuis go Luimneach, bhain An Sáirséalach cáil mhór amach nuair a phléasc sé gunnaí móra na Liamach san aer le cabhair ón ropaire Gealapa Ó hÓgáin i mBaile an Fhaoitigh gar do Phailís na Gréine i gContae Luimnigh (1690). Dá bharr sin, ní raibh na Liamaigh in ann Luimneach a ghabháil roimh theacht an gheimhridh.

Lean an léigear ar aghaidh go dtí fómhar na bliana dár gcionn, ach faoin am sin bhí fórsaí an tSáirséalaigh ina n-aonar agus b’éigean dóibh géilleadh. Tar éis idirghabháil idir an Sáirséalach agus Ginearál Ginkel na Liamach, síníodh Conradh Luimnigh, a thug cearta creidimh do Chaitlicigh na hÉireann.

Deoraíocht[athraigh | edit source]

Sheol an Sáirséalach agus formhór a shaighdiúirí ó chalafort Luimnigh ar 22 Mí na Nollag 1691 agus chuaigh siad isteach in Arm na Fraince. Tugadh 'Na Géanna Fiáine' orthu agus bhain an-chuid díobh (ar nós Pheadair de Lása) mór-cháil amach mar cheannairí airm sna blianta dár gcionn.

Ach ní raibh saol fada ag an Sáirséalach. Throid sé go cróga ar son Laoiseach XIV i bhFlóndras ach goineadh go dona é ag Cath Landen agus fuair se bás i Huy na Beilge ar 21 Lúnasa 1693. Adhlacadh i reilig Shéipéal Mháirtín Naofa sa bhaile sin é. Deirtear gurbh iad a fhocail dheireanacha ná “Mo thrua nach ar son na hÉireann é seo.”

Oidhreacht an tSáirséalaigh[athraigh | edit source]

Bhris na Sasanaigh Conradh Luimnigh beagnach chomh luath agus a thriomaigh an dúch agus baineadh gach ceart sibhialta ó Chaitlicigh na Éireann go gairid ina dhiaidh sin. Ach lean cuimhne ar Phádraig Sáirséal ar aghaidh i measc na gnáthmhuintire agus ainmníodh an-chuid bóithre, clubanna, droichead agus a leithéid as ina onóir, go mór mór i dtimpeallacht Chathair Luimnigh. Ina measc siúd, tá Droichead an tSáirséalaigh, Sráid an tSáirséalaigh, club CLG Sháirséalaigh na Mainistreach agus Dún an tSáirséalaigh i gCathair Luimnigh, Carraig Phádraig Sáirséal i gContae Luimnigh, Baile Sarsfield in Ontario, Ceanada agus club sacair Velez Sarsfield i mBuenos Aires na hAirgintíne. Ainmníodh Club CLG Sháirséalaigh Leamhcáin as chomh maith, ina bhaile dúchais féin.[1]

Is féidir Marcaíocht an tSáirséalaigh a leanúint trí Chontaetha an Chláir, Thiobraid Árann agus Luimnigh. Deirtear gurbh é seo bealach an tSáirséalaigh thar fhórsaí na Liamach le linn dó gunnaí na Sasanach a phléascadh san aer.

Tá dealbh cuimhneacháin an tSáirséalaigh le feiscint i bPlás na hArd-Eaglaise i Luimneach agus seasann sé ar shuaitheantas Chomhairle Chontae Luimnigh. Is cuid de Rosc Catha an tSairséalaigh “Cuimhnigh ar Luimneach agus ar fheall na Sasanach” é mana Chomhairle Chontae Luimnigh agus Choiste CLG Chontae Luimnigh.

Phós Pádraig Sáirséal an Bhantiarna Nóra de Búrca, iníon Iarla Chlann Riocaird, agus saolaíodh mac amháin agus iníon amháin dóibh. Tháinig Séamus Sáirséal i gcomharbacht ar a athair mar Dhara Iarla Leamhcáin ach d’éag sé gan chlann sa bhliain 1718.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]