Pádraig Mac Suibhne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Mac Suibhne
Beathaisnéis
Breith23 Feabhra 1942
Beitheach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Márta 2020
78 bliana d'aois
Leitir Ceanainn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, príomhoide, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Múinteoir, aisteoir agus file Gaeilge ab ea Pádraig Mac Suibhne (a rugadh sa bhliain 1942).[1][2] Rugadh agus tógadh é in Ard an Rátha, Contae Dhún na nGall.

Saol

Ard an Rátha
Ollscoil Mhaigh Nuad

Chuaigh an Suibhneach le sagartacht ach d’éirigh sé as. Bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus sa stair in Ollscoil Mhaigh Nuad.

Múinteoir iarbhunscoile agus príomhoide ab ea é.

Phós sé sa bhliain 1967 agus bhí cúigear clainne aige ach scar sé féin agus a bhean.[2]

coimeádadh i bPort Laoise é ar feadh tamaill

Poblactánach is ea é agus coimeádadh i bPort Laoise é ar feadh tamaill.

Bhí baint mhór aige le drámaíocht agus bhíodh sé ag aisteoireacht in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath. Bhíodh páirt aige sa chlár grinn Gleann Ceo ar TG4 chomh maith.[3]

Saothar

Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige agus gearrscéalta scríofa aige chomh maith. Tá an uaigneas agus an moráltacht mar théamaí ina chuid filíochta.

I measc a chuid saothar tá na gearrscéalta "An Coinín Cliste" agus "An Mhallacht" faoin teideal "Féar na Féile Vailintin agus scéalta eile". Dar le léirmheastóirí, pléann sé cúrsaí an tsaoil i slí an-simplí ghreannmhar ina chuid litríochta.

"Colscaradh"

'Colscaradh'ː an choimhlint mar chroílár an dáin

Is é a chum an dán "Colscaradh" a chlúdaítear ar chúrsa na hArdteistiméireachta in Éirinn.[4] Tagann an dán seo ón gcnuasach Solas Uaigneach. Chum an file an dán seo tar éis dó an brón agus an briseadh croí a bhain le scarúint tuismitheoirí a fheiceáil agus é ag múineadh daltaí scoile.[5]

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC SUIBHNE, Pádraig (1942–2020) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. 2.0 2.1 TG4. "Pádraig Mac Suibhne - a shaol, ar Youtube" (as ga). 
  3. L. Ní Mhuineog (2012-05-25). "Gaeilge Coláiste Pobail Acla: Pádraig Mac Suibhne". Gaeilge Coláiste Pobail Acla. Dáta rochtana: 2021-11-18.
  4. TG4 ar Youtube. "An dán Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 cogg.ie. "An dán 'Colscaradh'ː ceacht, ceisteanna agus nótaí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-18. Dáta rochtana: 2021.
  6. Na focail. "Colscaradh - le Pádraig Mac Suibhne" (as ga). 
  7. Marcus Lambe (2011). "Colscaradh le Gaelport ar Youtube" (as ga). 
  8. "Colscaradh le Padraig Mac Suibhne | Dánta | TG4 Foghlaim" (as ga) .