Pádraig Ó Fearghail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Ó Fearghail
Beathaisnéis
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
TeangachaAn Ghaeilge

Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea Pádraig Ó Fearghail a rinne mórán chun daoine a ghríosú chun an teanga a úsáid in Victoria na hAstráile sa dara cuid den naoú haois déag.

Rugadh é i gContae an Chláir do Bhríd Ní Chatháin agus do Mháirtín Ó Fearghail sa bhliain 1852, agus bhí sé ar thriúr ar a laghad den chlann a bhain Victoria amach. Tháinig Pádraig timpeall na bliana 1870 agus chuaigh le héadóireacht i Sráid Rubicon in Ballarat. Phós sé Ailís Ní Dhálaigh i Séipéal Naomh Proinsias in Melbourne sa bhliain 1883. Bhí siad ina gcónaí i Sráid Albert in Sebastopol, Ballarat, agus bhí deichniúr clainne orthu.

Bhíodh oícheanta airneáin ag Pádraig i gcúlseomra sa siopa, áit a léití scéalta nó filíochta i nGaeilge agus a gcíortaí stair na hÉireann. Bhíodh Pádraig ag scríobh chun a leithéidí eile in Melbourne, sa Nua-Shéalainn agus in Éirinn agus é ar a dhícheall ag áitiú ar dhaoine síntiús a thabhairt do Irisleabhar na Gaeilge. I Mí Mheán Fómhair 1902 scríobh sé litir mholta chun an gcéad chruinniú ginearálta de chraobh Melbourne de Chonradh na Gaeilge.

Cailleadh é in Sebastopol sa bhliain 1917 agus cailleadh Ailís in Cheltenham, Melbourne, sa bhliain 1922.

Tá Pádraig ina charachtar tánaisteach in Brigid, úrscéal leis an scríbhneoir Astrálach Jill Blee.[1]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Blee, Jill (1999). Brigid. Indra Publishing. ISBN 978-0-9585805-4-0

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]