Pádraig Ó Duincín
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File agus ministir in Eaglais na hÉireann ba ea an tUrramach Pádraig Ó Duincín (roimh 1615 - 1666).
Fuair an Duincíneach oiliúint i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé ina chléireach i bparóiste an Chreagáin i gContae Ard Mhacha sa bhliain 1615. Bhí sé ina churáideach ann timpeall na bliana 1633, agus bhí sé ina bhiocáire ar Dhomhnach Mór i gContae an Dúin sa bhliain 1641. Ghabh na Preisbitéaraigh é agus chuir an loch amach chun Oileán Mhanann é (1649 - 1651). D'fhill sé timpeall na bliana 1666, nuair a bhí an ré Chromaileach thart.
Sa dán Truagh mo thuras ó mo thír chuireann sé síos le héifeacht ar a dhíbirt agus déanann tagairt don seanchas:
- Truagh mo thuras ó mo thír
- go crích Mhanannáin mhín mhic Lir,
- idir triúr Piúratán - meabhal géar -
- gearr mo shaol más buan na fir…
- Dá maireadh Fearghas mac Róigh,
- nó Cú Chulainn dar chóir gradh,
- nó Murchadh mac Briain, ceann na sluagh,
- do chiorróidís go luath mo chrádh...
[athraigh] Féach freisin
- De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Duanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.