Pádraig Ó Cíobháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Ó Cíobháin
Beathaisnéis
Breith12 Márta 1951
73 bliana d'aois
Baile an Fheirtéaraigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge Éireannach as Contae Chiarraí is ea Pádraig Ó Cíobháin.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an nGráig i mBaile an Fheirtéaraigh a rugadh é sa bhliain 1951. B'fheirmeoir é a athair a raibh seisear clainne aige. D'fhreastail Ó Cíobháin ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne. Bhí cónaí air i gCorcaigh ó chuaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, le céim BA a bhaint amach sa Ghaeilge, sa Stair agus sa Tíreolaíocht i nDeireadh Fómhair na bliana 1969. I 1972-1973 rinne sé an ATO. Fuair sé post mar mhúinteoir i bPobalscoil Ghort Álainn i gCorcaigh sa bhliain 1975.

Tá idir ghearrscéalta agus úrscéalta scríofa ag Pádraig Ó Cíobháin. Ghnóthaigh sé duais Chomórtas Cuimhneacháin Dhonncha Uí Chéilleachair in Oireachtas na bliana 1996 tar éis dó cnuasach gearrscéalta, Solas ná hÉagann Choíche (Coiscéim, 1999) a scríobh. Bhí sé ina theagascóir in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nuair a ainmníodh é mar Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge san Ollscoil sin sa bhliain 2003. Lean sé ar aghaidh leis an bpost sin go dtí deireadh na bliana 2005.

I nGaillimh atá cónaí air anois, lena bhean chéile agus a n-iníonacha.[1]

Tá an-chuid tagairtí ina chuid scríbhneoireachta don litríocht agus don stair (an iomarca dar le tráchtairí áirithe). I measc na rudaí a bhíonn i gceist ná beathaisnéis Phádraig féin, idirthéacsúlacht le litríocht na Gaeilge, fealsúnacht na Gréige, trácht ar chúrsaí coilíneachais agus tírdhreach Chorca Dhuibhne. Sa scéal San tuile do léig Vénus 'na táclaí anuas, mar shampla, snoitear na gnéithe sin ar fad le scéal 'Phóil' - fear óg ar bhóithrín na smaointe atá breoite tar éis na hoíche, é ag cur suas le hualach smaointe 'spíosracha' agus é ag siúl cois farraige.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ré an Charbaid (Coiscéim, 2003)
  • Faightear Gach Laoch In Aisce (Coiscéim, 2001)
  • Ar Gach Maoilinn tá Síocháin (Coiscéim, 1998)
  • Desiderius a Dó (Coiscéim, 1996)
  • An Gealas i Lár Na Léithe (Coiscéim 1992)

Gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dréachta chrích Fódla (Coiscéim, 2007)
  • Tá Solas Ná hÉagann Choíche (Coiscéim,1999)
  • An Grá Faoi Cheilt (Coiscéim, 1992)
  • Le Gealaigh (Coiscéim, 1991)

Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Go Nuige Seo (Coiscéim, 2005) agus
  • Go Nuige Seo (2006) - díolaim d'ábhair cheardlann agus léamha curtha in eagar aige

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Siopa.ie — Pádraig Ó Cíobháin". Dáta rochtana: 2022-09-02.