Owain Cyfeiliog
Prionsa agus file Breatnach a bhí in Owain ap Gruffydd (circa 1130–1197). Owain Cyfeiliog an leasainm a thugtaí air chun idirdhéalú a dhéanamh idir an fear seo agus rialtóirí eile a raibh an t-ainm céanna orthu, (Owain ap Gruffydd as Gwynedd go háirithe, a bhfuil aithne air mar Owain Gwynedd).
Mac le Gruffydd ap Maredudd, agus nia le Madog ap Maredudd (an prionsa deireanach a raibh ríocht uile Powys faoi smacht) ab ea Owain. Thug Madog cantref Cyfeiliog dá nia sa bhliain 1147. Nuair a d’éag Madog sa bhliain 1160, d’éirigh le hOwain seilbh a ghabháil ar fhormhór dheisceart Powys. D'éirigh sé as an bpost seo sa bhliain 1195 agus chuir faoi i mainistir Strata Marcella, Tháinig a mhac Gwenwynwyn ap Owain chun comharbais air ansin. Cailleadh Owain cúpla bliain ina dhiaidh sin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.