Otto von Habsburg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Otto von Habsburg sna 1990í

Bhí Franz Josef Otto Robert Maria Anton Karl Max Heinrich Sixtus Xaver Felix Renatus Ludwig Gaetan Pius Ignatius von Habsburg-Lothringen (rugadh in Reichenau an der Rax, 20 Samhain 1912 agus d'éag ar an 4 Iúil 2011 sa Ghearmáin), ina cheannaire ar Chlann Habsburg ó 1922 go dtí 2007. Sa bhliain sin tháinig a mhac Carlo i gcomharbacht air nuair a sheas sé ar leath taobh. Mac le hImpire na hOstaire agus an Ungáir Carlo agus a chéile Zita di Borbone-Parma ab ea é.

Bhí sé ina bhall de Pharlaimint na hEorpa ar son an páirtí polaitíochta Ghearmánach an CSU agus bhí cónaí air i mBaváire na Gearmáine. Bhí sé ina a shaoránach den Ghearmáin, an Ostair, an Ungáir agus an Chróit.

Tá a chorp curtha san Kapuzinergruft in Vín, taobh lena bhean chéile, leis an chuid is mó de thaoisigh na Habsburghaí ón bhliain 1633 anuas. Tá a chroí curtha san Ungáir.