Otto Paul Hermann Diels

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí orgánach a rugadh i Hamburg na Gearmáine ab ea Otto Paul Hermann Diels (1876-1954). Le Kurt Alder, d'fhionn sé an t-imoibriú éasca idir olaifín ghníomhachtaithe is dí-éin chun struchtúr cioglach le steiréiceimic inréamhinste a tháirgeadh. Ainmnítear imoibriú Diels-Alder astu anois, a tháinig le bheith an-suntasach sa cheimic orgánach shintéiseach. Bhuaigh siad Duais Nobel sa cheimic i 1950 as.