Ospidéal Ginearálta Loch Garman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ospidéal i Loch Garman na hÉireann é Ospidéal Ginearálta Loch Garman a chuireann seirbhís leighis ar fáil don chondae agus don cheantar máguaird. Otharlann ghinearálta atá ann a chludaíonn roinnt sainréimsí; cnáimseachas, péidiatraic, gínéiceolaíocht chomh maith leis an míochaine agus an mháinliacht ghinearálta. Tá 210 leaba ann d'othair chónaitheacha agus 37 leaba d'othair lae. Glacann an t-Ospidéal páirt i gclár náisiúnta de chuid Foras Oispíse na hÉireann le prionsabail oispíse a chuir chun cinn in ospidéil.