Ortaipéide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Logo

Brainse den mháinliacht a phléann le gortuithe is neamhoird sa chreatlach, is é sin na cnámha, na hailt, na fíocháin táite, is teannáin na matán gaolmhar. Cuimsíonn sí diagnóisiú is cóireáil bristí is asaltuithe, ceartú míchumaí comhbheirthe is faighte, mínormáltachtaí staidiúire, athailíniú nó athshuíomh alt galraithe nó máchaileach le próistéis shaorga. Soláthraíonn sí cóireáil máinliachta is míochaine i leith ailsí is ionfhabhtuite sna cnámha, agus riochtaí cosúil le tinneas droma, sciaitíce, asaltú ailt idirveirteabraigh, agus neamhoird mheathlúcháin an dromlaigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ortaipéide". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.